San eagrán seo de Seoda ón Taisce Liteartha, cloisfear Áine Durkin ag léamh rogha dánta óna saothar Mise Áine: An Bhean Istigh a bhain an chéad áit amach i gComórtas do Scríbhneoirí Úra de chuid Comórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2017.
Is as Conamara ó dhúchas d’Áine. Tá duaiseanna i gComórtais Liteartha an Oireachtais bainte ag Áine dá blag, Mise Áine (2010), agus dá cnuasach filíochta/amhrán ‘Mise Áine, An Bhean Istigh’ (2017). Bhain amhráin léi duaiseanna ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach (2013, 2018, 2019, 2020) agus ó Ros Na Rún/RTÉ Raidió na Gaeltachta (2013). Bhain an t-amhrán a chum sí, ‘Ní Thuigim,’ an chéad áit ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach sa bhliain 2019. Bhain sí Gradam Choilm de Bhailís (2019) agus cuireadh a hainm le ‘Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge’ sa bhliain 2020.
Tá saothar léi foilsithe sna hirisí Comhar, An Gael, Biseach, agus Gaelscéal; agus sna leabhair ‘Gaillimh; Díolaim Cathrach’ (curtha in eagar ag Brian Ó Conchubhair, Cló Iar Chonnacht) ‘I mBun Pinn’ (Glór na nOileán f/c Comhairle Ceantar na nOileán), Windows Publications, agus A Page From My Life (Harper Collins le Ray D’Arcy Show.) Bíonn ailt léi le léamh go minic sa bhforlíonadh míosúil, Súil Thart, sa Donegal News.
Bhí sí mar aoi-fhile ag Éigse An Spidéil, Féile Chois Fharraige, agus An Cúirt Festival thar na blianta, agus bíonn saothar léi le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (Iris Aniar, An Cúinne Dána, Aistí ón Aer), ar Raidió na Life i mBaile Átha Cliath, agus ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste. Ghlac sí páirt i bhFéile Liú Lúnasa agus bíonn sí páirteach sa Chúirt Filíochta ag Oireachtas na Samhna, agus sa bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach, go rialta.