San eagrán seo de Seoda ón Taisce Liteartha, cloisfear Diarmuid Johnson ag léamh dhá shliocht óna shaothar Seacht dTír, Seacht dTeanga a bhuaigh Comórtas A4: Saothar Próis i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2021.
Is iomaí leabhar atá foilsithe ag Diarmuid Johnson: cuid acu i mBéarla; cuid acu i mBreatnais; agus cuid acu i nGaeilge. I measc na leabhar Gaeilge sin, tá dhá chnuasach filíochta: Súil Saoir (CIC 2004) agus Rún na mBradán (Coiscéim 2015); mar aon le trí leabhar na Teamhrach, Conaire Mór, Tuatha Dé Danann agus Éadaoin (Leabhar Breac, 2017, 2018, 2020).
Maidir le Seacht dTír Seacht dTeanga, is éard atá ann ná cur síos ar thaisteal an scríbhneora san Eoraip le tríocha bliain anuas, cuid de na daoine a casadh air agus cuid den tuiscint a fuair sé ar chultúr na hEorpa. Tá duaiseanna éagsúla buaite ag Diarmuid Johnson: Gradam Uí Shúilleabháin; Leabhar na Bliana - An Post; agus Saothar Próis na Bliana i gComórtais Liteartha an Oireachtais in 2017, 2018 agus 2021 ina measc.
Chaith sé blianta maithe ina léachtóir ollscoile leis an Léann Ceilteach éagsúla in Éirinn agus san Eoraip. Chaith sé seal ina iriseoir (Foinse, Cuisle, Gaelscéal), agus seal ina chraoltóir páirtaimseartha raidió le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Faoi láthair, is sa Bhruiséil atá sé lonnaithe. Foilseofar Ceallach - Cín Lae Fíréin AD 590 - 623 i mbliana (2022). I láthair na huaire, is ag obair ar leabhar faoi ghnéithe de stair an phróis atá sé.
Tá léargas ar a shaothar ilghnéitheach ar an suíomh seo: www.diarmuidjohnson.net