Bhuaigh an saothar Turas go dtí an Tuama le Cathal Mac Donnacha an chéad duais i gComórtas B6 – Scéal: Roinn B (faoi 21) i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.
Rugadh agus tógadh Cathal i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.
D'fhreastail sé ar Scoil Cholmcille ar an Tulach agus é ag fás aníos agus ansin chuaigh sé ar aghaidh chuig an meánscoil i gColáiste Chroí Mhuire sa Spidéal.
Faoi láthair, tá sé ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe agus é ag déanamh staidéar ar an mhatamaitic agus an eolaíocht agus tá suim aige a bheith ag obair sna seirbhísí airgeadais amach anseo.
Suigh siar agus tabhair cluas do Chathail ag déanamh cur síos ar aistear Shéamuisín Óg ó Co. an Chláir go dtí Co. na Mí chun Sí an Bhrú a aimsiú.