Cuisle an Chósta

Podchraoladh | An tOireachtas

Cuisle an Chósta

le Catherine Foley

Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2016 ar an mbailiúchán seo. Dialann bliana ar shaol Gaeltachta atá sa leabhar seo a d'fhoilsigh LeabhairCOMHAR i mí Aibreán 2020. Ceann de buanna suaithinseacha an leabhair seo ná an réimse grianghraf atá glactha ag RoseAnn Foley, an deirfiúr is óige ag Catherine

Seo Catherine ag léamh caibidlí 1-3 ón mbailiúchán.

Is scríbhneoir cruthaitheach, craoltóir raidió, scríbhneoir teilifíse agus iriseoir í Catherine Foley. Is iar-léachtóir le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus iar-bhall foirne de chuid The Irish Times chomh maith í. Tá trí nóibhille Ghaeilge scríofa aici don fhoghlaimeoir fásta – Sorcha sa Ghailearaí (2003), An Cailín Rua (2004) agus Samhradh an Chéasta (2010). Tá láithreoireacht agus léiritheoireacht déanta aice ar chláracha TG4, an sraith Pobal ag Guí ina measc.

D’fhoilsigh Coiscéim a céad bailiúchán filíochta, Ag Marú Maicréal sa bhliain 2019. Sa bhliain 2018, d’fhoilsigh Mercier Press a leabhar Beyond the Breakwater: Memories of Home. Bhuaigh sí dhá dhuais i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2020 - an chéad áit dá saothar, Oscail an doras agus tiocfaidh siad don chomórtas Cur Chun Cinn na Gaeilge (Urraithe ag Conradh na Gaeilge) agus an chéad áit dá saothar, Scéalta Grá, bailiúchán gearrscéalta don chomórtas Ábhar Léitheoireachta don Fhoghlaimeoir Fásta.