Dambatheanga

Podchraoladh | An tOireachtas

Dambatheanga

Bronnadh an chéad duais sa chomórtas Cnuasach Filíochta de chuid Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2014 ar an gcnuasach seo. Tá sé foilsithe ag Arlen House ó shin.

Seo Mícheál ag léamh rogha dán ón gcnuasach.

Scríbhneoir: Mícheál Ó Ruairc

Is as Bréanainn sa Leitriúch i gContae Chiarraí do Mhícheál Ó Ruairc ach tá cónaí air i mBaile Átha Cliath ó 1980. Go dtí seo tá cúig leabhar do pháistí foilsithe aige agus leabhar amháin do mhic léinn ollscoile. Chomh maith leis sin tá trí úrscéal do dhaoine fásta, sé chnuasach filíochta agus bailiúchán amháin gearrscéalta maraon le sraith leabhar don Fhoghlaimeoir Fásta.

Tá iliomad duaiseanna buaite eile aige as a shaothar próis agus filíochta thar na blianta. Bhuaigh an bailiúchán gearrscéalta Daoine a Itheann Daoine (Cló Iar-Chonnacht, 2010) an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais in 2009. Bhuaigh Fianaise (LeabhairCOMHAR, 2012) an chéad duais in 2012. D’fhoilsigh Arlen House cnuasach nua filíochta dá chuid Treaspásóir: Trespasser in 2019.