Súile Éisc

Podchraoladh | An tOireachtas

Súile Éisc

Súile Éisc le Michelle Nic Pháidín

An dara háit sa chomórtas Ghearrscéal (Duais an Mhaolánaigh) 2015 ‘Súile Éisc’ le Michelle Nic Pháidín.

Rugadh Michelle Nic Pháidín in Albain ach bhog a teaghlach go Gaeltacht Ghaoth Dobhair agus gan í ach ina tachrán. Fuair sí a cuid oideachais uilig trí mheán na Gaeilge agus thug sí aghaidh ar an iriseoireacht ag an tríú leibhéal.

Scríobh Michelle le Foinse agus  nuair a thosaigh sí ag obair mar iriseoir. Chaith sí tréimhsí ag obair don Irish Daily Mirror agus don Star on Sunday agus tá obair mar shaorisireoir déanta aici don Irish Times, don Irish Independent agus don Irish Examiner thar na mblianta.

Tá suim mhór ag Michelle i gcúrsaí teanga agus bhí sí ina cathaoirleach ar Choiste Comhairleach na nÓg agus ina ball de Choimisiún na Gaeltachta. Bhain sí an dara háit i gcomórtas liteartha an Oireachtais sa bhliain 2004 leis an ngearrscéal ‘Baile na mblaincéad.’ Bhain sí Corn Mháire Nic Dhonnachadha don amhránaíocht ar an sean-nós an bhliain céanna.

Tá dhá leabhar scríofa ag Michelle, An tIriseoir (Foilsithe ag Cois Life, 2016) agus Fuascailt an Iriseora (Foilsithe ag Cois Life, 2018). Bhain An tIriseoir Gearrliosta Ghradam Uí Shuilleabháin amach sa bhliain 2017 i ndiaidh don leabhar an dara háit a bhaint amach sa rannóg ficsean i gcomórtas liteartha an Oireachtais 2016.

D’éirigh le Fuascailt an Iriseora Gearrliosta ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag Gradaim An Post a bhaint amach sa bhliain 2018.