Is as Co. Liatroma do Louise Ní Dháibhéid agus bhí sí ag cur fúithi agus ag obair i gConamara go dtí le deireanas. Bhain sí amach céim sa chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ,Gaillimh. Chaith sí cúpla bliain ag obair le EO Teilifís ar Ros na Rún agus le roinnt comhlachtaí neamhspleácha teilifíse agus scannán as Éirinn, Meiriceá agus Sasana ar a n-áirítear Magamedia agus Telegael. Tá an-suim aici sna healaíona dúchais agus tá a croí sa cheol, sa damhsa agus san amhránaíocht. Fuineadh agus fáisceadh í i dtraidisiún ceoil Cho. Liatroma agus casann sí an fheadóg mhór. Bíonn sí ag damhsa ar an sean-nós freisin agus glacadh sí páirt rialta i gcomórtais an Oireachtais. Chuaigh an tréimhse a chaith sí i nGaeltacht na Gaillimhe i bhfeidhm go mór uirthi agus ar an tsuim atá aici sa teanga agus sa chultúr. Tá sí ag súil go mór lena cuid oibre mar bhainisteoir imeachtaí agus foilseachán le hOireachtas na Gaeilge.