Na príomhchúraimí a bhaineann leis an ról seo ná straitéisí agus polasaithe na heagraíochta a chomhordú d’fhonn na spriocanna a bhaint amach go héifeachtach, go héifeachtúil, de réir dea-chleachtais; éiteas agus luachanna na An Oireachtais. Tá sí freagrach as fíorú, comhordú agus monatóireacht a dhéanamh ar Chláir Oibre Mhór-Thionscnaimh na heagraíochta agus tuairisciú a dhéanamh ina leith. Is í atá i mbun feidhm acmhainní daonna na heagraíochta agus tá cúram uirthi riachtanais tacaíochta, oiliúna agus traenála na foirne aithint agus freastail orthu de réir mar is acmhainn don eagraíocht. Gníomhaíonn sí mar oifigeach ainmnithe chun tionscnaimh/gníomhaíochtaí áirithe a stiúradh de réir mar is cuí. Is í atá freagrach as íomhá chorparáideach na heagraíochta.