Ní gá do dhaoine óga faoi 18 clárú linn - tá siad inár gcroíthe cheana féin! Beidh fáilte rompu chuig gach ócáid ach tuismitheoir nó caomhnóir ainmnithe a bheith ina gcomhluadar.
Tá fáilte roimh shuimeanna síntiúis ar bith ach is do Shíntiúsóirí a thugann €150/£135 nó níos mó atá an pacáiste seo:
- 2 x Ollticéad na Féile
- 2 x Clár Oifigiúil na Féile 2019
- ‘Lóchrann’, Nuachtlitir rialta na heagraíochta
- Seans ar lóistín do bheirt ag féile na bliana seo i gcrannchur bliantúil an Oireachtais
Cuirfear Ollticéad amháin agus Clár Oifigiúil na Féile amháin ar fáil do shíntiúsóirí a thugann €100/£95 chomh maith.
Déanfar ainm gach duine a thiocfaidh isteach in am a fhoilsiú i gClár Oireachtas na Samhna 2019.
Beidh pacáiste ag fanacht leat ag an Deasc Eolais in Óstán Citywest, ina mbeidh cóipeanna de chlár oifigiúil na féile & ticéid na féile.
Chun eolas a fháil ar phacáistí corparáideacha, déan teagmháil linn ag eolas@antoireachtas.ie nó 01-4753857 nó téigh chuig an leathanach eolais anseo.
Cairde an Oireachtais
- 2 x Ollticéad na Féile
- 2 x Clár Oifigiúil na Féile 2019
- ‘Lóchrann’, Nuachtlitir rialta na heagraíochta
- Seans ar lóistín do bheirt ag féile na bliana seo i gcrannchur bliantúil an Oireachtais
Mura bhfuil tú ag baint leas as an bpacáiste speisialta seo agus go teastaíonn uait ticéad don fhéile a cheannacht ar líne, téigh chuig