Táimid ag cur ceardlanna ar fáil i mbliana do dhaoine ar spéis leo drámaí raidió nó drámaí aonghnímh a scríobh. Tabharfar eolas agus comhairle a bheidh ábhartha do dhaoine ar mian leo cur isteach ar na comórtais, Dráma Raidió agus Dráma Aonghnímh le haghaidh Léiriú Stáitse sna Comórtais Liteartha 2026.
Is é Cathal Póirtéir a bheidh i mbun na gceardlann dráma raidió agus tabharfaidh sé léargas ar na bunscileanna a bhaineann le dráma raidió ar ardchaighdeán a scríobh. Is é Trevor Ó Clochartaigh a bheidh i mbun na gceardlann dráma aonghnímh a bheidh feiliúnach le haghaidh léiriú stáitse.
Beidh an chéad cheardlann don dráma aonghnímh ar siúl ar Zoom Dé Céadaoin 1 Aibreán 2026 ag 18:00 agus beidh an chéad cheardlann don dráma raidió ar siúl ar Zoom Déardaoin, 2 Aibreán 2026 ag 18:00.
Tá costas €20 ar na ceardlanna ach beidh saorchead isteach ag daoine a dhéanann na ceardlanna ar an gComórtas Dráma Raidió nó ar an gComórtas Dráma Aonghnímh sna Comórtais Liteartha 2026 san áireamh.
Cláraigh roimh Dé Luain, 30 Márta 2026 ANSEO!
#Oireachtas2026


.gif)







 (1).png)
.png)




.png)


