Bronnadh an chéad duais, maoinithe ag Ard-Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael i gComórtas A8: Scéal dírithe ar dhéagóirí ar an ghearrscéal Cluiche Liathróid Láimhe? le Diarmuid de Brún i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022. Ba é seo an chéad uair do Dhiarmuid saothar a chur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais.
Tá cónaí ar Dhiarmuid i Machaire Rátha, Contae Dhoire, agus tá sé ina bhall de Club Scríbhneoireachta Charn Tóchair, i gContae Dhoire. Tá drámaí scríofa aige don amharclann agus d'ócáidí faoin aer. Is ball é de Aisteoirí Charn Tóchair agus bhí sé ag aisteoireacht leo san Fhéile Drámaíochta Náisiúnta leo sa bhliain 2012 agus 2013. Sa bhliain 2016, bhuaigh Aisteoirí Óga Charn Tóchair an chéad duais i rannóg Clubanna na nÓg den Fhéile Náisiúnta Scoildrámaíochta le dráma a scríobh Diarmuid, dar teideal Dearg le Fearg. Sa bhliain 2018, scríobh sé dráma dar teideal Filleann an Feall agus rinne Aisteoirí Charn Tóchair é a léiriú in An Coire (Carn Tóchair); in An Chultúrlann (Béal Feirste); agus in Amharclann Ghaoth Dobhair, (Gaoth Dobhair). Ghlac sé féin páirt sa léiriúchán mar aisteoir.
Lig do scíth agus éist le Diarmuid ag léamh a ghearrscéal Cluiche Liathróid Láimhe?, faoi dhéagóir as Béal Feirste agus é ar tí an scolaíocht a fhágáil ina dhiaidh.
“Scéal gairid, gonta, ach scéal cumhachtach, truamhéalach”.
-Moltóir an chomórtais, 2022



.png)


.png)

.gif)








 (1).png)
