Bhuaigh Éadaoin Ní Dhomhnaill an chéad duais dá saothar Katie ar an gCás i gComórtas A2: Ficsean do Dhaoine Óga (9/10 mbliana – 12 bhliain) i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.
Is as Inis Meáin, Árainn d’Éadaoin. Bhain sí a céim amach i Léann an Aistriúcháin agus i mBéarla ó Ollscoil na Gaillimhe in 2021 agus beidh sí ag tabhairt faoi mháistreacht sa scríbhneoireacht i mbliana.
Tá duaiseanna buaite ag saothair Éadaoin i gComórtais Liteartha don Scríbhneoir Óg thar na mblianta. Sa bhliain 2019, bhuaigh sí an chéad áit i gComórtas B6: Scéal – Roinn B (faoi 21) dá saothar Contúirt na gCurach agus bhuaigh sí an chéad áit sa gcomórtas céanna sa bhliain 2021 dá saothar Toirtín. Sa bhliain 2022, chur sí saothar isteach i rannóg na ndaoine fásta den chéad uair. Ar a bharr sin, sa bhliain 2016 bhuaigh sí an tríú háit i gCómórtas Uí Chonaire, comórtas scríbhneoireachta le haghaidh daoine óga (eagraithe ag Conradh na Gaeilge mar thionscnamh comórtha ar Éirí Amach na Cásca 1916) dá saothar Brioscaí Sinsir.
San eagrán seo den phodchraoladh, tabharfaidh Éadaoin blaiseadh den scéal dúinn.


.png)

 (1).png)






.gif)




.png)

