San eagrán seo, cloisfear Máirín Nic Con Iomaire ag léamh caibidil de Khalil a scríobh Yasmina Khadra agus a d'aistrigh Máirín féin go Gaeilge. Bhuaigh an leabhar seo Gradam de Bhaldraithe ag Na Gradaim Foilsitheoireachta 2022.
Is iriseoir, craoltóir, múinteoir, aistritheoir agus aisteoir í Máirín. Tá dhá úrscéal Fraincise aistrithe go Gaeilge aici i gcomhar le BARZAZ – Khalil (le Yasmina Khadra, 2021) agus Na Ríthe Beaga (Les Enfants sont Roi, le Delphine de Vigan, 2022).
Tá trí leabhar do dhaoine óga sa tsraith Dialann Dúradáin aistrithe aici i gcomhar le Futa Fata – Leadaí na Leisce; An Fhírinne Shearbh agus; Dialann Dlúthchara. Tá trí leabhar sa tsraith Dónall Dána aistrithe aici i gcomhar le Cló Iar Chonnacht – An Peileadóir Mór; Peigí Phusach; agus Lá Báistí.
I measc na sraitheanna atá déanta aici do RTÉ Raidió na Gaeltachta, tá Cúinne na bhFilí (cúrsaí litríochta); Céim ar Chéim (cúrsaí oideachais); Flosc (ceol & óige) agus; An Chraobh ar an bhFál (sraith chartlainne). Tá ceardlanna scileanna raidió déanta aici le déagóirí i gcomhar le Pobal Rua, ceardlanna scríbhneoireachta i gcomhar le Fighting Words agus ceardlanna drámaíochta do pháistí i gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta.
Is teagascóir teanga, litríochta agus iriseoireachta í le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag leibhéil 7- 9 den Chomhchreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Tá Gaeilge, Béarla agus Fraincis líofa aici agus MA sa Phleanáil Teanga.
Lig do scíth agus éist le Máirín ag léamh caibidil ó Khalil, scéal faoi Khalil, Moslamach fir 23 bliain d’aois ag triail ar chathair Pháras le crios pléascach fáiscthe lena chliabh.
Táimid ag glacadh le hiarratais do Na Gradaim Foilsitheoireachta i láthair na huaire. Tá tuilleadh eolais agus an foirm iarratais ar fáil anseo.
Tá am fágtha agat peann a chur le pár agus iontráil a chur isteach do Na Comórtais Liteartha 2023!
Spriochdháta d'iontrálacha: 1 Iúil 2023

.png)



.png)

 (1).png)







.gif)


