Bhuaigh Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin an chéad duais i gComórtas A1: Úrscéal – Ficsean Ginearálta i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2020. D’fhoilsigh Barzaz é sa bhliain 2021 agus bhí sé ainmnithe ar Ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin sa bhliain 2021.
Is scríbhneoir é Tadhg Mac Dhonnagáin a bhfuil réímse leathan seánraí saothraithe aige, ina measc ficsean, neamhfhicsean, drámaíocht teilifíse agus amhráin. Is iomaí sin aitheantas atá tuillte ag a shaothar, ina measc duaiseanna Oireachtais, Irish Book Award, gradam IFTA, Gradam Leabhar Gaeilge na Bliana agus an White Raven, liosta gradamúil de litríocht na cruinne a roghnaíonn an International Children’s Library, Munich gach bliain.
Bronnadh Aitheantas Speisialta ar a úrscéal, Madame Lazare, ag Gradam Litríochta an Aontais Eorpaigh, 2022, an chéad saothar Gaeilge riamh a ainmníodh mar ionadaí na hÉireann ar an ngradam. Tá a shaothar aistrithe go forleathan san Eoraip, san Áise agus i Meiriceá Theas.
Ó bhí sí ina páiste óg, tá Levana bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin í Hana Lazare, seanmháthair Levana, a theith ina cailín óg di óna tír dhúchais i dtuaisceart na hEorpa, an t-aon duine amháin dá muintir a tháinig slán ó shlad an Shoah. Ach nuair a thagann mearbhall intinne ar Hana i ndeireadh a saoil, sceitheann blúirí eolais óna béal a fhágann Levana trína chéile. Seoltar an bhean óg ar aistear a thugann uirthi gach rud a dúirt a seanmháthair riamh léi a cheistiú. De réir mar a ghluaiseann an scéal ó Pháras go dtí an Bhruiséil go hiarthar na hÉireann, druideann Levana le fíorscéal a seanmháthar agus leis an tubaiste ba chúis leis an saol rúnda atá caite ag Madame Lazare.
Suigh siar agus éist le Tadhg ag léamh blaiseadh de Madame Lazare.

 (1).png)



.png)




.gif)






.png)
