TEIDEAL Oifigeach Feidhmiúcháin
TUARASTAL £33,542 (Beidh an té a cheapfar ag tosú ag pointe 1 de scála Grád EOI237)
TRÉIMHSE Post lánaimseartha é seo agus gabhann tréimhse promhaidh sé (6) mhí leis.
Beidh an té a cheapfar sa phost seo lonnaithe i dTuaisceart Éireann
CEANNEAGRAÍOCHT uile-Éireann is ea An tOireachtas atá ag feidhmiú sa mhór-réimse “Deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus bunú gréasán”. Dá réir sin, bíonn dualgais oibre ar gach ball foirne a bhaineann leis an dlínse ó thuaidh agus leis an dlínse ó dheas. Beidh an té a cheapfar mar OIFIGEACH FEIDHMIÚCHÁIN lárnach i gcur i gcrích Phlean Oibre na heagraíochta.
PRÍOMHFHREAGRACHTAÍ
- Clár Imeachtaí Uile-Oileáin an Oireachtais a chur chun cinn sa dá dhlínse agus rannpháirtíocht ann a spreagadh;
- Caidreamh idir gréasáin labhartha Gaeilge agus Ealaíne a éascú agus a chothú;
- Maoiniú/Urraíocht a aimsiú d’fheachtais agus d’imeachtaí an Oireachtais;
- Feidhmiú mar bhall de mheitheal meán sóisialta na heagraíochta;
- Ócáidí gréasánaíochta a reáchtáil don phobal úsáidte Gaeilge;
- Féilte agus tionscadail eile cultúir, ealaíne agus siamsa trí Ghaeilge a reáchtáil; agus
- Faisnéis i leith tinreamh ag imeachtaí an Oireachtais a bhailiú.
Is treoir ghinearálta atá luaite anseo agus ní gá gur cur síos iomlán é ar dhualgais uile an phoist.
TAITHÍ, SCILEANNA, EOLAS & CÁILÍOCHTAÍ RIACHTANACHA
- Ardchaighdeán labhartha agus scríofa i nGaeilge & i mBéarla;
- Taithí/Cumas imeachtaí a fhorbairt agus a bhainistiú;
- Eolas ar phobal na Gaeilge;
- Sárscileanna cur i láthair a bheith aige/aici;
- Ceadúnas tiomána glan.
INNIÚLACHTAÍ
- Ardleibhéal tionscnaimh, tuisceana, stuaime agus rúndachta;
- Cumas cruthaithe chun tascanna a phleanáil, a eagrú agus a sceidealú chun a chinntiú go gcuirtear i gcrích go héifeachtach iad agus chun spriocdhátaí a bhaint amach;
- Cumas oibriú as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann agus chun freagracht a ghlacadh ar chlár oibre aontaithe.
PRÓISEAS IARRATAIS
CV agus litir/ráiteas pearsanta (i.e., nach mó ná 300 focal) ina dtugtar breac-chuntas ar an bhfáth a gcreideann tú go gcomhlíonann do scileanna, do thaithí agus do luachanna riachtanais an phoist seo.
Is fostóir comhionannas é An tOireachtas agus is í an Ghaeilge teanga oibre na Ceanneagraíochta.
Seol iarratas mar aon le CV, roimh 8 Aibreán 2026, chuig: poist@antoireachtas.ie
Faigheann Oireachtas na Gaeilge bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge.



.png)








 (1).png)
.gif)

.png)


