TEIDEAL Oifigeach Gréasáin
LÍON FOLÚNTAS 2 (Beirt)
TUARASTAL €35,687 - €58,251 Beidh an té a cheapfar ag tosú ag pointe 1 den scála
LÁTHAIR OIBRE Obair Chumaisc
Beidh cruinnithe foirne ar siúl go tráthrialta, i nGaillimh nó i mBaile Átha Cliath, agus iarrfar ar gach oifigeach freastal ar na cruinnithe seo ar an láthair seachas go fíorúil. Beidh eagrú imeachtaí ina dhlúthchuid den chlár oibre agus mar sin beidh uaireanta oibre oíche agus deireadh seachtaine i gceist.
TRÉIMSHE Conradh 3 bliana agus gabhann tréimhse promhaidh sé (6) mhí leis.
CEANNEAGRAÍOCHT uile-Éireann is ea An tOireachtas atá ag feidhmiú sa mhór-réimse “Deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus bunú gréasán”. Beidh na hOifigigh Gréasán lárnach i gcur i gcrích Phlean Gréasán na heagraíochta agus ina mball d’fhoireann bheag, chruthaitheach, thiomanta. Is é príomhsprioc an Phlean Gréasán ná seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine ar mian leo a bheith rannpháirteach in imeachtaí éagsúla sóisialta, siamsa agus áineasa trí Ghaeilge.
PRÍOMHFHREAGRACHTAÍ
- Sraith imeachtaí sóisialta, siamsa agus áineasa trí Ghaeilge a reáchtáil chun freastal ar bhaill an Ghréasáin Ghaeilge;
- Tionscnaimh cairdis agus muintearais a fhorbairt d’fhonn grúpaí sainspéise a thabhairt le chéile faoi bhrat na Gaeilge;
- Comhpháirtíochtaí a fhorbairt le hÁisíneachtaí Stáit, Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí & le hinstitiúidí na Earnála Poiblí;
- Feasacht a ardú maidir le spriocanna, tairbhí agus imeachtaí Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí;
- Nuachtlitreacha, feasacháin ócáideacha agus míreanna eolais i leith imeachtaí Gaeilge in Éirinn agus thar lear a eisiúint go rialta;
- Ábhar Poiblíochta agus Feasachta a sholáthar do dhaoine ar mian leo an Ghaeilge a bheith lárnach i ngach ghné dá saol;
- Tuairiscí rialta a chur ar fáil maidir le dul chun cinn; &
- Dualgais eile de réir mar is gá.
RIACHTANAIS DON PHOST
- Sárscileanna eagrúcháin agus cumarsáide;
- Sárscileanna idirphearsanta;
- Ardchaighdeán scríofa agus labhartha i nGaeilge agus i mBéarla;
- Ábalta i mbun iltascála;
- A bheith in ann oibriú de réir amspriocanna teanna;
- Muiníneach, tiomanta agus ábalta feidhmiú go maith mar bhall d’fhoireann bheag;
- Cur chuige cruthaitheach agus spreagúil i mbun oibre.
INMHIANAITHE
- Cáilíocht Gnó / Riaracháin / Ríomhaireachta;
- Taithí ar chruthú ábhar d’ardáin ilmheáin; &
- Taithí ar reáchtáil imeachtaí.
Is fostóir comhionannas é An tOireachtas agus is í an Ghaeilge teanga oibre na Ceanneagraíochta.
Seol iarratas mar aon le CV, roimh 4 Deireadh Fómhair 2024, chuig: poist@antoireachtas.ie