TEIDEAL Oifigeach Taibhealaíon Chonnacht
GRÁD Ardoifigeach Feidhmiúcháin
SCÁLA TUARASTAIL €54,764 - €68,970 (Beidh an té a cheapfar ag tosú ag pointe 1 den scála)
RÉIGIÚN Connacht
LÁTHAIR OIBRE Ó chian / Oifig an Oireachtais, Páirc Ghnó Chasla, Casla, Co. na Gaillimhe.
AN FHÍS ‘Ealaíona Teangabhunaithe Gaeilge a bheith á gcleachtadh go saoithiúil, fonnmhar, lúcháireach, ag daoine den uile aoisghrúpa fud fad na tíre; go mbeidh rochtain ag gach cleachtóir ar chonair shealbhaithe agus forbartha na gcleachtas éagsúla d’fhonn iad féin a chur in iúl go cruthaitheach trí phriosma na n-ealaíon sin; agus go mbeidh léirithe á gcur ar fáil don phobal go rialta.’
RÁITEAS MISIN ‘Na hEalaíona Teangabhunaithe Gaeilge a cheiliúradh, a fhorbairt agus a chur chun cinn trí thacaíochtaí agus trí dheiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga agus lánfhásta lena gcleachtas ealaíon pearsanta féin a fhorbairt; le bheith rannpháirteach i dtionscadail ealaíon pobail agus sainiúla; agus le pobal freastail leathan i dtaca leis na healaíona sin a chothú go réigiúnach agus go náisiúnta.’
PRÍOMHFHREAGRACHTAÍ
- Clár Oibre aontaithe a chur i bhfeidhm i gCúige Chonnacht bunaithe ar an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta;
- Cainéil Chumarsáide a bhunú le tacaíocht a thabhairt do chleachtóirí nua sna healaíona teangabhunaithe chomh maith leo siúd atá ag feidhmiú cheana féin, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta de dhaoine aonair, d’eagraíochtaí ealaíon, d’eagraíochtaí pobail, de chumainn & de chompántais drámaíochta, bunscoileanna, iar-bhunscoileanna, institiúid ardoideachais, leabharlanna & ionaid ealaíon;
- Cláir oiliúna ealaíon, tionóil agus féilte ar bhonn réigiúnach a eagrú;
- Tionóil drámaíochta a reáchtáil a fheidhmeoidh mar áis oiliúna agus gréasánaíochta araon agus a bheidh dírithe ar chompántais drámaíochta nuabhunaithe/athbhunaithe;
- Deiseanna agus tacaíochtaí chur ar fáil do chleachtóirí na n-ealaíon teangabhunaithe Gaeilge agus a bheith lánpháirteach i bhforbairt tacair uirlisí & acmhainní ar líne do na cleachtóirí sin;
- Feasacht a ardú maidir le scéimeanna deontais & sparánachtaí na heagraíochta;
- Comhpháirtíochtaí réigiúnacha a fhorbairt chun na healaíona teangabhunaithe Gaeilge a chur chun cinn agus deiseanna a chur ar fáil do chleachtóirí aonair, do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí éagsúla chomh maith le pobal freastail a chothú do léirithe poiblí na n-ealaíon sin.
Is treoir ghinearálta atá luaite anseo agus ní gá gur cur síos iomlán é ar dhualgais uile an phoist.
TAITHÍ, SCILEANNA, EOLAS & CÁILÍOCHTAÍ RIACHTANACHA
- Cáilíocht ealaíne aitheanta nó taithí oibre nach lú ná 3 bliana in earnáil na n-ealaíon;
- Eolas ar chleachtais taibhealaíon éagsúla;
- Ardchaighdeán i labhairt agus i scríobh na Gaeilge;
- Sárscileanna pleanála, eagrúcháin agus cumarsáide;
- Feasacht ar pholasaithe agus ar straitéisí um fhorbairt ealaíon teangabhunaithe;
- Ceadúnas tiomána glan.
INNIÚLACHTAÍ
- Scileanna ceannaireachta;
- Cur chuige tionscnaíochta;
- Scileanna Idirphearsanta agus Cumarsáide;
- Bainistíocht agus Baint Amach Torthaí;
- Saineolas, Oilteacht agus Féinfhorbairt;
- Treallús & Tiomantas do chur chun cinn na dTaibhealaíon Teangabhunaithe Gaeilge.
PRÓISEAS IARRATAIS
CV agus litir/ráiteas pearsanta (i.e., nach mó ná 300 focal) ina dtugtar breac-chuntas ar an bhfáth a gcreideann tú go gcomhlíonann do scileanna, do thaithí agus do luachanna riachtanais an phoist a chur i gcrích.
Is fostóir comhionannas é An tOireachtas agus is í an Ghaeilge teanga oibre na Ceanneagraíochta.
Seol iarratas mar aon le CV, roimh 18 Márta 2026, chuig: poist@antoireachtas.ie


.png)

 (1).png)
.gif)





.png)






