Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar shár-iarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tá fás agus forás tagtha ar Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais le fiche bliain anuas faoi mar atá ar an earnáil lena mbaineann siad. Is iontach an deis iad na Gradaim le haitheantas a thabhairt do na hiriseoirí, na láithreoirí teilifíse & raidió, lucht déanta clár agus eile a rinne cion thar na bearta le dhá mhí dhéag anuas. Bíonn Ócáid Bhronnta na nGradam ar cheann de bhuaicphointí fhéilire na nGael agus lucht na meán Gaeilge gach bliain. Is iad na catagóirí Gradam a bhíonn ann ná:
- Sraith Teilifíse na Bliana
- Scannán/Clár Teilifíse na Bliana
- Pearsa Teilifíse na Bliana
- Sraith Raidió na Bliana
- Gradam do Chlár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail
- Gradam do Chlár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála
- Pearsa Raidió na Bliana
- Iriseoir na Bliana
- Feachtas Meán Sóisialta na Bliana
- Réalta Óg na Bliana
- Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais