GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta
BÓDLÉAR
Údar: Darach Ó Scolaí - €2,500
Foilsitheoir: Leabhar Breac - €5,000 
GRADAM RÉICS CARLÓ Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg
ÉANNA CORR
Údar: Antain Mac Lochlainn - €1,250
Foilsitheoir: Leabhar Breac - €5,000 
GRADAM DE BHALDRAITHE Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile
TÍR BHEAG
Aistritheoir: Antain Mac Lochlainn - €500
Foilsitheoir: Barzaz - €1,500 
Dé Máirt, 30 Meán Fómhair 2025, d’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, Buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2025 ag ócáid mhór cheiliúrtha d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge in Amharclann Náisiúnta Drámaíochta na Gaeilge, An Taibhdhearc i nGaillimh.
Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an teach foilsitheoireachta, Leabhar Breac, ar son an leabhair, Bódléar le Darach Ó Scolaí. Is ar an teach foilsitheoireachta Leabhar Breac a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar Éanna Corr a scríobh Antain Mac Lochlainn. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Barzaz, ar son an leabhair, Tír Bheag, aistriúchán le hAntain Mac Lochlainn ón Fhraincis ar an leabhar Petit Pays le Gael Faye.















