GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta
MAITH THÚ A MHICÍ
Údar: Micí Sheáin Néill Ó Baoill - €2,500
Foilsitheoir: Éabhlóid - €5,000 
GRADAM RÉICS CARLÓ Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg
PUISÍN NA mBRÓG
Údar: Fearghas Mac Lochlainn - €1,250
Maisitheoir: Paddy Donnelly - €1,250
Foilsitheoir: Futa Fata - €5,000 
GRADAM DE BHALDRAITHE Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile
AN SAOL SONA
Aistritheoir: Máirín Ní Mhárta - €500
Foilsitheoir: Barzaz - €1,500 
Dé Céadaoin, 30 Meán Fómhair 2026, d’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, Buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2026 ag ócáid mhór cheiliúrtha d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge in Amharclann Náisiúnta Drámaíochta na Gaeilge, An Taibhdhearc i nGaillimh.
Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an teach foilsitheoireachta, Éabhlóid, ar son an leabhair, Maith thú a Mhicí le Micí Sheáin Néill Ó Baoill. Is ar an teach foilsitheoireachta Leabhar Breac a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar Puisín na mBróg a scríobh Fearghas Mac Lochlainn agus a mhaisigh Paddy Donnelly. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Barzaz, ar son an leabhair, An Saol Sona, aistriúchán le Máirín Ní Mhárta ón Fhraincis ar an leabhar La Vie Heureuse le David Foenkinos.





.gif)







.png)


 (1).png)
.png)
