ACHOIMRE
Tá seanbhean ina cónaí i dteachín beag agus í míshásta go bhfuil an áit chomh beag. Tagann seanfhear cliste an bealach agus cuireann sé comhairle aisteach uirthi – an bhó, an gabhar, an mhuc agus an chearc a thabhairt isteach sa teach. An mbeidh sí sásta?
Tadhg Mac Dhonnagáin
Tá sean taithí ag Tadhg Mac Dhonnagáin ar an véarsaíocht agus ar an gcumadóireacht amhrán. Tá idir amhráin do pháistí agus do dhaoine fásta cumtha i nGaeilge aige. Bhí rath ar leith ar an gcnuasach amhrán Bliain na nAmhrán uaidh, a foilsíodh i bhfoirm leabhair agus dlúthdhiosca. Bronnadh Gradam Speisialta na Moltóirí air ag na CBI Book of the Year Awards, 2017; bronnadh Gradam White Ravens, ó Leabharlann Idirnáisiúnta na nÓg, Munich air, ag Aonach Leabhar Frankfurt an bhliain chéanna. Bronnadh Gradam Réics Carló air in 2018.

.png)




 (1).png)


.png)





.gif)


