FOILSITHEOIR: Dalen Éireann
ÚDAR: Sylvain Gâche & Richard Guérineau
AISTRITHEOIR: Antain Mac Lochlainn
Achoimre Leabhair
Ar an 21 Samhain 1920, bhí cluiche mór dúshláin idir Tiobraid Árann agus Baile Átha Cliath le himirt i bPáirc an Chrócaigh. An mhaidin sin rinne an IRA sléacht ar oifigigh de chuid airm na Breataine . Bhí na Dúchrónaigh cinnte de go mbeadh na marfóirí i measc an tslua i bPáirc an Chrócaigh agus chrom siad láithreach ar dhaoine den lucht féachana agus den dá fhoireann a scaoileadh. In 2007, den chéad uair riamh, bhí rugbaí le himirt i bPáirc an Chrócaigh agus cluiche i gcoinne Shasana le bheith ann. Músclaíodh cuimhní pianmhara ar Dhomhnach na Fola.















