| 18:00 | AGALLAMH EISIACH Beidh Lynette Fay i mbun comhrá le Padraigín Ní Uallacháin faoina saol, saothar agus traidisiún amhránaíochta Oiriall. Beidh an podchraoladh craolta ar ardáin Ghaelphobal Ard Mhacha Theas & Music at Maddens. IONAD: Ar Líne |
| 19:30 | CEILIÚRADH CULTÚRTHA LE CLG NAOMH PÁDRAIG Déan ceiliúradh ar chultúr na nGael le ceolchoirm ina mbeidh rannta, dánta á aithris ag páistí bunscoile agus ceol á sheinm ag ceoltóirí óga na háite agus grúpaí cheoil áitiúla. I ndiaidh na ceolchoirme beidh céilí ar siúlagus beidh soláistí ar fáil chomh maith. Bí ann! IONAD: Clubtheach Naomh Pádraig, Bóthar Thulach na bhFál, Coilleach Eanach, Co. Ard Mhacha, BT35 0PZ |
| 20:00 | CÚ CHULAINN & AN IOMÁNAÍOCHT Glac páirt in imeacht bunaithe ar scéalta Chú Chulainn! Cluinfear slíocht ó scéalta an laochra Cú Chulainn agus imreofar cluichí chun an scil áirithe sin a chleachtadh. Bí ann d’oíche lán de spórt agus scéalaíocht! IONAD: Wolfe Tones CLG, Co. Ard Mhacha, BT66 6ND |

.gif)







.png)


.png)


 (1).png)


