| 17:00 | ABAIR AMHRÁN LINN Abair amhrán ag seisiún breá amhránaíochta agus ceoil le Clann Uí Chasaidigh, ceoltóirí agus amhránaithe den scoth! Bí ann ar an láthair i bpríomhoifig Gael Linn i gcroílár Baile Átha Cliath nó féach ar an ócáid bheo ar líne ar chainéal YouTube Gael Linn. Ná caill amach ar oíche lán le ceol, craic agus amhránaíocht, a dhéanfaidh ceiliúradh ar chultúr na nGael! IONAD: Príomhoifig Ghael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2, D02 H797 |
| 17:45 18:30 19:15 |
TURAS TREORAITHE AR CHAMPAS CHOLÁISTE NA TRÍONÓIDE Téigh ar thuras treoraithe ar champas stairiúil Choláiste na Tríonóide. Faigh léargas ar an ollscoil is sine in Éirinn, ar a hoidhreacht agus ar shaol an mhic léinn sa lá atá inniu ann. Reáchtálfar trí thuras a mhairfidh thart ar 30-40 nóiméad an ceann. Tosóidh siad ón Campanile atá sa Chearnóg Thosaigh. Ní gá áit a chur in áirithe ach a bheith ag an Campanile ag 17:45, 18:30 nó 19:15. Bí ann! IONAD: Coláiste na Tríonóide, Faiche an Choláiste, Baile Átha Cliath 2, D02 P2E2 |
| 18:00 | TRAD DIOSCÓ Bí ann don Trad Dioscó idir 18:00 agus 20:00 ar champus Naomh Pádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Droim Chanrach ar Oíche Chultúir 2026 eagraithe idir Coiste Gaeilge CLG Na Fianna agus Oifigeach Gaeilge d’Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bí réidh, idir óg agus aosta, d’oíche rince, lán le craic, ceoil agus spraoi den scoth do gach uile aoisghrúpa! Ná caill é, oíche thaitneamhach a bheidh ann do chách! IONAD: Campus Naomh Pádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Droim Chanrach, Baile Átha Cliath 9, D09 X9H6 |
| 19:00 | OÍCHE CHEOIL LE CLG BAILE BUADÁIN NAOMH ÉANNA Bain taitneamh as ceol traidisiúnta agus amhránaíocht den scoth ag imeacht Oíche Chultúir 2026, le haoi speisialta Mícheál Fitzgibbon, píobaire ó Chontae Luimnigh, chomh maith le ceoltóirí óga Chraobh Naithír agus an grúpa áitiúil Banna Céilí Chraobh Naithí. Is í Marcella Nic Niallaigh a bheidh ina bean an tí. Chomh maith leis sin, cruthófar spás neamhfhoirmiúil ina spreagtar na rannpháirtithe amhráin thraidisiúnta i nGaeilge a cheol agus a roinnt i dtimpeallacht shuaimhneach. IONAD: CLG Baile Buadáin Naomh Éanna, Bóthar Theach Giúise, Baile Átha Cliath 24, D16 A2F8 |
| 19:00 | OÍCHE CHEOIL LE CUMANN NAOMH EOIN Oíche lán de cheol agus craic trí Ghaeilge a bheidh ar siúl sa chlubtheach ag Cumann Naomh Eoin ar Bóthar na Gráinsí i Ráth Fearnáin. Fáilte roimh bhaill an chumainn agus roimh an pobal áitiúil i dteannta grúpaí pobail páirt a ghlacadh san oíche cheoil. Beidh sé oscailte do cheoltóirí idir óg agus aosta. Beidh lán-fháilte roimh lucht éisteachta chomh maith. Ná caill é, oíche thaitneamhach a bheidh ann do chách! Bí ann! IONAD: Cumann Naomh Eoin Bhaile an tSaoir, Bóthar na Gráinsí, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 16, D16 DK76 |
| 19:00 | STAIR AGUS OIDHREACHT CHOLÁISTE RÍOGA NA MÁINLEÁ Foghlaim faoi stair an Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn le béim ar oidhreacht an Choláiste agus a ról le linn Éirí Amach na Cásca 1916. Roinnfear eolas ar an obair caomhnúcháin atá ar bun anois sa bhfoirgneamh stairiúil agus ar an ailtireacht sa bhfoirgneamh nua-aimseartha. Tabharfar turas treoraithe timpeall ar an bhfoirgneamh stairiúil agus ar an bhfoirgneamh nua-aimseartha. Ná caill é! IONAD: Coláiste Ríoga na Máinleá, 118 Faichne Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 YN77 |
| 19:00 | POP-UP GAELTACHT I LEAMHCÁIN Tapaigh an deis bualadh le daoine nua ag Pop-Up Gaeltacht leis Na Gaeil Óga! Bí ag caint, ag gáire agus ag spraoi i dtimpeallacht shuaimhneach agus oscailte. Ní gá a bheith líofa, fáilte roimh chách! Beidh sólaistí saor in aisce ar fáil agus beidh seisiún ceoil traidisiúnta ann. Ná caill an deis seo chun do chuid Gaeilge a chleachtadh agus craic is spraoi a bheith agat! Bí ann! IONAD: Courtney's, Bóthar Léim an Bhradáin, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath, K78 HF83 |
| 19:00 | CEARDLANNA CEOIL LE CLG UÍ DHUIBHIR Glac páirt i gceardlanna ceoil i gclubtheach úr nua CLG Uí Dhuibhir! Tosóidh an oíche le ceardlanna bodhráin agus feadóige agus beidh deis ag rannpháirtithe na scileanna a fhoghlaimeoidh siad sna ceardlanna a chleachtadh ag seisiún ceoil bríomhar ina dhiaidh. Beidh lán-fháilte roimh lucht éisteachta chomh maith. Triail rud éigin nua d’Oíche Chultúir 2026! IONAD: CLG Uí Dhuibhir, Páirc Bhrí Mhór, Baile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath, K32TK53 |
| 19:30 | FOGHLAIM AMHRÁN LE hAMHRÁNAITHE AN CHLUB! Cas amhrán le hAmhránaithe an Chlub! Seo deis d’fhoghlaimeoirí agus do dhaoine a bhfuil seaneolas acu ar na hamhráin teacht le chéile ag oíche amhránaíochta i dTigh Uí Bhruadaigh i lár Chathair Bhaile Átha Cliath, ag imeacht inár féidir le cibé cén duine amhrán a fhoghlaim agus a rá ar an oíche. Bíodh sé leat féin nó le ghrúpa, fáilte roimh chách! IONAD: Briody's, 97 Bóthar Marlborough, An Chathair Thuaidh, Baile Átha Cliath 1, D01 PP92 |
| 20:00 | FIADHÚLRA OILEÁN AN BHULLA LE PROINSIAS MAC AN BHEATHA Éist le caint shuimiúil leis an scríbhneoir Proinsias Mac an Bheatha faoi fhiadhúlra Oileán an Bhulla. Tá leabhar scríofa ag Proinsias ar an ábhar seo, agus an oiread eolais le roinnt aige faoi na hainmhithe agus faoi na plandaí a mhaireann san fhiántas. Beidh deis ag an lucht féachana ceisteanna a chur ag deireadh na hócáide. Ná caill an deis seo chun níos mó a fhoghlaim faoin bhfiadhúlra! IONAD: CLG Naomh Uinsionn, Marino, Baile Átha Cliath 3, DO3 YXO8 |
| 20:00 | GAELGÁIRÍ Bain taitneamh as oíche ghrinn le GaelGÁIRÍ - an chéad chlub grinn Gaeilge ar chlár na cruinne! Beidh Seán Ó Beaglaoich ina fhear an tí ar an oíche i Briody’s, le cúigear fuirseoir ar stáitse ar an oíche. Tá GaelGÁIRÍ ag súil leis an deis beochultúr labhartha na nGael a chur i láthair do lucht freastail Oíche Chultúir i mBaile Átha Cliath. Bí ag gáire leis na Gaeil is greannmhaire ó cheann ceann na tíre. Oíche shiamsaíochta bríomhar a bheidh ann do chách – ná caill é! IONAD: Briody's, 97 Bóthar Marlborough, An Chathair Thuaidh, Baile Átha Cliath 1, D01 PP92 |


.png)

 (1).png)
.gif)

.png)










