|
16:00
|
AON SCÉAL? Téigh i mbun cainte i gCorcaigh! Éist le scéalaí lonaithe sa siopa leabhar, inis do scéal féin sa Chúinne Cainte le seastán agus fráma ann agus faigh suaitheantais mar dhuais. Beidh deis ann bualadh leis na carachtair móra éagsúla mórthimpeall an bhaile lena scéal a choisteáil. Ná caill é! IONAD: Sráid Chorcaí, Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí, P43 A096
|
|
16:30
|
CIORCAL COMHRÁ Bí in O'Mahony’s i gCnocán na Biolraí, ar Oíche Chultúir chun páirt a ghlacadh i gciorcal comhrá . Beidh ceol agus amhránaíocht le cloisteáil ar an oíche chomh maith. Ná caill amach ar oíche lán le ceol, craic agus comhrá! IONAD: O'Mahony's, An Phríomhshráid, Cnocán na Biolraí, Co. Chorcaí, T96 Y9F4
|
|
17:00
|
OÍCHE CHEOIL LE GER WOLFE Bain taitneamh as ceolchoirm leis an gceoltóir clúiteach Ger Wolfe, sa Tigín in iarthar Chorcaí. Tarraingíonn Ger go láidir ar fhoinsí cheoil tíre: traidisiúnta agus comhaimseartha araon ina chuid amhrán. Agus é ag comóradh tríocha bliain de chamchuairteanna agus de thaifeadadh i mbliana, tá Ger ag dul ar chamchuairt le hamhráin óna stór leathan, lena n-áirítear an saothar is déanaí uaidh, bunaithe ar Bhailiúchán Amhrán Bhaile Bhuirne — an deichiú halbam iomlán dá chuid go dtí seo. Bí i dteannta Ger chun Oíche Chultúir 2026 a cheiliúradh, le tráthnóna den scoth lán le ceol agus amhráin. IONAD: An Tigín, An tSráid Ard, An Scoil, Co. Chorcaí, P81 PP93
|
|
17:30
|
FOINN & FILÍOCHT Faigh blaiseadh de chultúr na hÉireann ag ceolchoirm atá á eagrú ag an gCumann Ceoil Traidisiúnta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Beidh grúpa ón gCumann Ceol Traidisiúnta ag seinm; beidh baill den Cuallacht Ghaelach ag léamh ailt agus filíocht ó eisiúint a sé den iris Breac, beidh taispeántas ag fochoiste Rince Seite; agus beidh amhrán le cloisteáil ón gCumann Córúil. Fáilte roimh phobail Chorcaí teacht agus taitneamh a bhaint as! IONAD: The Shtepps, An Mol, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Bóthar an Iarthair, Corcaigh, Co. Chorcaí, T12 V1WH
|
|
18:00
|
CEILIÚRADH CULTÚRTHA AR OILEÁN BÉARA Déan ceiliúradh ar oidhreacht shaibhir, cruthaitheacht agus spiorad pobail ar an Oileáin Mór! Tosóidh an tráthnóna le ‘Béara’, taispeántas ceolmhaire ag cláirseoir Tara Viscardi agus ag fliúiteadóir Robert Harvey. Fréamhaithe sna tírdhreacha, scéalta agus traidisiúin bainte le Leitheanas Béara, meascann an clár bunchumadóireacht agus séiseanna traidisiúnta le chéile a bhailíodh ó cheantair éagsúla sa réigiúin ón 18ú haois. I ndiaidh na ceolchoirme, baileoidh an lucht féachana le haghaidh oíche scéalaíochta leis an staraí Diarmuid Ó Drisceoil ina óstach. Baineann a leabhar is déanaí, Blúirí Oileánda – Island Pieces (2026), le stair shóisialta Chléire.Beidh deis ag gach aon duine idirghníomhú le chéile ag an imeacht seo trí bhia a roinnt eatarthu, scéalta a insint agus an nasc a neartú idir dhaoine, áiteanna agus oidhreacht cultúrtha, chomh maith le dul i ngleic le hoidhreacht agus cultúr nua-aimseartha Béara. Ná caill é! IONAD: An Halla Druileála agus Léachtaí, An tOileán Mór, Co. Chorcaí, P75 P978
|
|
18:15
|
NA TRÍ GHABHAR CHLISTE LE COMPÁNTAS COIS LAOI Ná caill an dráma idirghníomhach Na Trí Ghabhar Chliste, dírithe ar pháistí óga ó 3 - 10 mbliana d’aois - lán do dhraíocht, d’amhránaíocht, agus do phuipéadóireacht! Is deirfiúracha iad Na Trí Ghabhar Chliste agus tá cónaí orthu i bhfeirm álainn. Ach, nuair nach bhfuil aon fhéar glas fágtha ann, bíonn orthu turas a thabhairt go Cill La ag lorg talún nua. An t-aon rud ná, caithfidh siad droichead a thrasnú agus tá Troll ina conaí faoi. Níl an troll deas leo in aon chor agus caithfidh siad í a mhealladh chun ligint dóibh leanúint ar aghaidh lena n-aistear! Tar chuig Caisleán Mala ag 16:00 chun fáil amach conas mar a éiríonn leo! IONAD: Caisleán Mala, Fearann an Chaisleáin, Mala, Co. Chorcaí, P51 KC57
|
|
18:45
|
SÍ GONG Is comhoibriú cruthaitheach é Sí Gong, idir an teiripeoir fuaime Ann Casey agus an file Julie Goo. Beidh filíocht nua aimseartha na Gaeilge fite fuaite le fuaimeanna leighis, agus le cuisle leictreonach. Bí ar do shuaimhneas sa spás spreagúil i lár na cathrach. IONAD: Leabharlann Chathair Chorcaí, 57 - 61 Sráid an Chapaill Bhuí, Corcaigh, Co. Chorcaí, T12 NT99
|
|
19:00
|
COIRM CHEOIL CHORCAÍ Bí ann do cheolchoirm mhór ilchultúrtha in Áiléar Lewis Glucksman i gcroílár champas Choláiste na hOllscoile Corcaigh. I measc na gceolta éagsúla bheidh le clos ar an oíche, beidh ceol agus amhránaíocht thraidisiúnta ó Chonchubhar agus Seán Ó Luasa, ceol traidisiúnta Síneach ó Wenguan Li (pipa) agus Shangcheng Ye (guqin), chomh maith le Gamalan Bailíoch agus Cantaireacht na Biosantáine. Ba mhaith linn pobal na hOllscoile agus pobal Chorcaí i gcoitinne a thabhairt le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an réimse leathan cultúr agus an réimse leathan ceoil a bhaineann le Corcaigh, ní hamháin na healaíona dúchais Gaelacha ach na saghasanna ceoil éagsúla atá tagtha chugainn thar na blianta. Fáilte roim chách, idir óg agus aosta. Ná caill oíche lán le ceol, amhránaíocht agus craic! IONAD: Áiléar Lewis Glucksman, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Bóthar an Iarthair, Corcaigh, Co. Chorcaí, T12 V1WH
|