9.00 p.m. | OÍCHE CHULTÚIR LE DAMHSA, FILÍOCHT, AMHRÁIN & CEOL Bain sult as oíche thaitneamhach den chultúr Gaelach le Preab-Ghaeltacht Átha Luain ag "Oíche Oscailte"! Fáilte roimh chách teacht agus sult a bhaint as oíche lán ceol, amhránaíocht, Gaeilge agus craic! I rith na hoíche, beidh neart deiseanna ann a bheith ag caint agus ag comhoibriú le hionadaithe eile, chomh maith le bheith rannpháirteach i roinnt amhránaíochta agus ceoil thraidisiúnta. Táimid ag tnúth go mór le tú a fheiceáil ann! Ionad: The Castle Inn, 1 An tSráid Mhór, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X9E8 |