Comhthionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn. Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúl nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le cairde nua a dhéanamh! Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!
Bhí ócáidí iontacha againn go dtí seo i: Seangánach, Co. Bhaile Átha Cliath; Nás na Ríogh, Co. Chill Dara; Gleann na hAbhann, Co. Bhaile Átha Cliath; Oibreacha an Uisce, Co. Aontroma; An Uaimh, Co. na Mí; Rinn an Oileáin Mheánaigh, Co. an Chláir; Gleann na Trá Móire, Co. Chorcaí; Dún Dealgan, Co. Lú; Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo; Trá na hInse, Co. Chiarraí; Foraois Pháirc na bhFianna, Co. an Chabháin; Ceatharlach, Co. Cheatharlach; Cnoc na Cathrach, Co. na Gaillimhe; An Seandroichead, Co. na Mí; Cill Dalua, Co. an Chláir; Caisleán Mhala, Co. Chorcaí; Coill Thuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo; An Chanáil Ríoga, Cill Choca, Co. Chill Dara; & Bun Dobhráin, Co. Dhún na nGall; An tOileán Mór, Co. Chorcaí; Bealach na Canálach Móire, Co. Uíbh Fhailí; Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo; Páirc Mharlaí, Co. Bhaile Átha Cliath; Coláiste na Croiche Naofa, Co. Thír Eoghain; An Chúil, Co. na Gaillimhe; Inis Meáin, Co. na Gaillimhe; An Iorras, Co. Mhaigh Eo; Órán Mór, Co. na Gaillimhe; Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman; An Caisleán Riabhach, Co. Ros Comáin; An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall; Droichead Chearbhalláin, Co. na Mí; Trá Lí, Co. Chiarraí; i nGleann na Tulchann, Co. Bhaile Átha Cliath; i dTrá na hInse, Co. Chiarraí agus i gCathair Dhoire, Co. Dhoire agus táimid ag súil go mór leis na #parkrunabú! éagsúla atá deimhnithe go dtí seo i 2026:
31 Deireadh Fómhair - Teach Chill Airne, Co. Chiarraí
Má tá suim agat #parkrunabú! a eagrú déan teagmháil linn ag eolas@antoireachtas.ie



 (1).png)
.png)












.gif)
.png)

