Beidh Sean-Nós na Fearsaide ar siúl ó 1 - 3 Márta 2024 agus beidh An tOireachtas ag obair i gcomhpháirt le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain arís i mbliana don fhéile.
Beidh cuid de bhuaiteoirí Oireachtas na Samhna 2023 i láthair don deireadh seachtaine - Buaiteoirí Lúibíní & Agallamh Beirte: Ray Mac Mánais & Joe Ó Dónaill; Buaiteoir Chorn Uí Riada: Colm Jimmy Ó Curraoin; Buaiteoir Shean-Nós na mBan: Eileen Ní Chonghaile; Dara hÁit Shean-Nós na bhFear: Antaine Ó Faracháin; Buaiteoirí Steip: Gearóid Ó Droighneáin & Becky Ní Éallaithe; Buaiteoir Scéalaíochta & Dreas Cainte: Eoghan Ó Curraighín; Buaiteoir Chorn Mháire Nic Dhonncha: Aisling Ní Ghribín; Buaiteoir Chorn Uí Riada (1991, 1994): Lillis Ó Laoire; Buaiteoir Chorn Uí Riada (2009): Doimnic Mac Giolla Bhríde; Buaiteoir Chorn Uí Riada (2007, 2013): Micheál Frank Ó Conghaola; Buaiteoir Chorn Uí Riada (2019): Máire Ní Choilm; 2 hÁit Comórtas Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama: Róise Ní Mhurchú agus Buaiteoir Shean-Nós na bhFear (2018): Irial Ó Ceallaigh. Beidh ceol ann fosta le Róise Nic Corraidh, Seán Mac Corraidh, Seán Óg Mac Corraidh agus Tuán Ó Ruanaidh agus is í Caoimhe 'Ceol' Ní Chathail a bheas mar bhean a' tí don oíche oscailte.
Is féidir leat clárú leis na comórtais agus tuilleadh eolais a fháil anseo