Tá scéimeanna tacaíochta do na taibhealaíona teangabhunaithe (na healaíona béil) fógartha ag An tOireachtas. Is deis iontach iad seo d’ealaíontóirí, do ghrúpaí, do chompántais drámaíochta pobail agus d’ionaid chultúrtha tacaíocht a lorg d’imeachtaí, d’fhéilte, do shraitheanna ceardlann, agus do thionscadail eile.
Is ag freagairt do Phlean Gníomhaíochta Ceithre Bliana an Oireachtais do na Taibhealaíona Teangabhunaithe Gaeilge, faoi threoir na Straitéise Náisiúnta d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge, le maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta atá na scéimeanna seo á bhfógairt.
Ní mór na foirmeacha iarratais a íoslódáil chun iad a líonadh isteach agus iad a sheoladh chugainn chuig taibhealaiona@antoireachtas.ie
SCÉIM |
EOLAS |
DÁTA OSCAILTE |
SPRIOCDHÁTA |
|
SCÉIM URRAÍOCHTA: FÓDÚOSCAILTE DO: Grúpaí ealaíon/pobail, Eagraíochtaí ealaíon/pobail, Ionaid ealaíon/cultúrtha/pobail, Dreasadóir ealaíon/pobail/cultúir lasmuigh den Ghaeltacht agus lasmuigh den chomhthéacs oideachais foirmeálta. |
Is scéim urraíochta í seo chun tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d’imeachtaí agus do thionscadail sna taibhealaíona teangabhunaithe Gaeilge. Áireofar tionscadail, féilte, imeachtaí, scoraíochtaí agus eile faoin scéim seo. |
31 Márta 2026 | LEANÚNACH |
TREOIRLÍNTE
|
SCÉIM TACAÍOCHTA:
|
Beidh tacaíocht mhaoinithe ar fáil tríd an scéim seo le ceardlanna sna taibhealaíona teangabhunaithe Gaeilge a reáchtáil agus le forbairt chleachtais sna taibhealaíona a chothú i measc an phobail. Cuirfear fáilte roimh léirithe spéise chun ceardlanna a sholáthar, lena n-áirítear; Amhránaíocht; Lúibíní; Agallaimh bheirte; Aithriseoireacht; Drámaíocht; Filíocht bhéil; Rapcheol; Sceitse; Scéalaíocht; Scileanna Taibhléirithe. |
31 Márta 2026 | LEANÚNACH |
TREOIRLÍNTE
|
SCÉIM URRAÍOCHTA DO CHOMPÁNTAIS DRÁMAÍOCHTA:
|
Tacaíocht oiliúna agus meantóireachta do chompántais amharclainne pobail le cur ar a gcumas caighdeán léirithe na ndrámaí a ardú, ag freagairt dá riachtanais oiliúna, lena n-áirítear, stiúrthóireacht, oiliúint teic -soilsiú agus fuaim, dearadh seit, cultacha, gluaiseacht, aisteoireacht agus eile. |
7 Meán Fómhair 2026 | 2 Deireadh Fómhair 2026 | |
SCÉIM TACAÍOCHTA OILIÚNA & MEÁNTÓIREACHTA DO CHOMPÁNTAIS DRÁMAÍOCHTA: FÁNA |
Scéim tacaíochta urraíochta mar thacaíocht do chompántais amharclainne pobail drámaí a léiriú, urraíocht a chlúdóidh costais taistil chuig féilte, íoc as costais teic, nó aon chostais eile a bheadh riachtanach le dráma a léiriú don stáitse sa réimse amaitéarach |
7 Meán Fómhair 2026 | 2 Deireadh Fómhair 2026 | |
SCÉIM CHÓNAITHEACH:
|
Cuirfear tacaíocht maoinithe ar fáil do thaibhealaíontóirí teangabhunaithe na Gaeilge d'fhonn deis a thabhairt dóibh cur lena cleachtas gairmiúil, cibé staid dá gcleachtas ealaíne ag a bhfuil siad. |
14 Aibreán 2026 | 1 Bealtaine 2026 |
GLAO OSCAILTECRITÉIRFOIRM IARRATAIS |
SCÉIM NA gCOMPÁNTAS DRÁMAÍOCHTA AMAITÉARACH 2026 |
Is é aidhm na scéime seo ná maoiniú a chur ar fáil do ghrúpaí drámaíochta atá bunaithe go heisiach mar chompántas drámaíochta amaitéaracha, grúpaí nuabhunaithe san áireamh, ar mian leo drámaí Gaeilge a léiriú timpeall na tíre agus/nó thar lear. Díríonn an scéim seo ar chompántais drámaíochta Gaeilge a bhfuil sé d’aidhm acu drámaíocht na Gaeilge a chothú, a fhorbairt, agus a chur ar fáil d’earnáil na n-ealaíon, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal, agus don earnáil oideachais. |
31 Márta 2026 | 30 Aibreán 2026 |
TREOIRLÍNTE
|
SCÉIM ÓIGE: BACHLÓGAOSCAILTE DO: grúpaí pobail, coistí agus eagraíochtaí, ionaid ealaíon, rialtais áitiúla, eagraíochtaí agus grúpaí ealaíon, féilte ealaíon, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna agus grúpaí pobail óige. |
Cuireann an scéim seo deiseanna foghlama, forbartha agus cruthaitheachta ar fáil do dhaoine óga le dul i mbun cleachtais ealaíon agus le heispéiris ar ardchaighdeán ealaíne a a fháil mar rannpháirtithe agus mar lucht féachana. Tacóidh an scéim le guth na hóige sna hEalaíona Teangabhunaithe Gaeilge a neartú agus a chur chun cinn go náisiúnta. |
31 Márta 2026 | 30 Aibreán 2026 |
TREOIRLÍNTE
|
SCÉIM SPARÁNACHTAOSCAILTE DO: Taibhealaíontóirí taobh amuigh den Ghaeltacht |
Is é aidhm na scéime seo ná tacaíocht a chur ar fáil do thaibhealaíontóirí aonaracha atá ag maireachtáil taobh amuigh den Ghaeltacht agus ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, le go mbeidh siad in ann am a chur ar leataobh le díriú ar a gcleachtais a chur chun cinn. |
31 Márta 2026 | 30 Aibreán 2026 |
TREOIRLÍNTE
|
Beidh comhairle leanúnach ar fáil ó fhoireann an Oireachtais ach ríomhphost a sheoladh chuig taibhealaiona@antoireachtas.ie
#Oireachtas2026


.png)
.png)



.gif)
 (1).png)









