D'fhógair Oireachtas na Gaeilge inniu (1 Meán Fomhair 2010) go mbeadh an nuachtán náisiúnta Gaelscéal ag déanamh urraíochta ar phríomhchomórtas amhránaíochta an Oireachtais, Corn Uí Riada.
"Is cúis mhór áthais dúinn fáilte a chur roimh Gaelscéalmar urra ar Chorn Uí Riada,” a deir Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. "Tá an comórtas seo ar an gceann is mó urraim don amhránaí sean-nóis agus tá éacht déanta ag gach duine a bhfuil a ainm greanta ar an gCorn sin. Cabhróidh an urraíocht seo linn ar a lán bealaí – ní hamháin an tacaíocht airgid ach na deiseanna poiblíochta a théann leis freisin, chun ár nuacht agus ár scéalta a chur i láthair phobal uile na Gaeilge.” Dúirt Liam Ó Maolaodha go raibh fás agus forbairt tagtha ar Oireachtas na Samhna agus ar imeachtaí bliantúla eile an Oireachtais le blianta beaga anuas agus gur mhian leis a bheith de shíor ag cur leis an bhfás sin. Chuir sé in iúl freisin go raibh deiseanna eile urraíochta ar chlár an Oireachtais agus go bhfáilteodh sé roimh fhiosruithe ina dtaobh.
Seo é an chéad bhliain ag Gaelscéal urraíocht a dhéanamh ar aon cheann de chomórtais an Oireachtais. Beidh comórtas Chorn Uí Riada ar siúl san INEC i gCill Airne, Co. Chiarraí, Dé Sathairn, 30 Deireadh Fómhair, le linn Oireachtas na Samhna.
Tá dhá chomórtas bhreise ar chlár an Oireachtais i mbliana: Lúibíní do ghasúir (aoisghrúpaí éagsúla) agus Comórtas Amhránaíochta Aonair nach Sean-nós í, do dhaoine fásta. Is é Dé Céadaoin, 15 Meán Fómhair 2010, an spriocdháta le haghaidh iontrálacha do na comórtais. Tá gach eolas maidir leis an bhféile ar fáil ar www.antoireachtas.ie