Déanfaidh TG4 athchraoladh ar an gclár STEIP ar Lá Nollag ag 5.30 p.m. agus
craolfar clár speisialta 'Steip na nÓg' Dé Luain, 27/12/2010 ag 2.50 p.m.
Craolfar clár bunaithe ar Chorn Uí Riada 2010 Dé Domhnaigh
2 Eanáir 2011 ag 7.30 p.m.
Dé Luain, 3 Eanáir 2011 craolfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta, "Súil siar ar
Oireachtas 2010" ag 9.00 a.m., é léirithe agus á láithriú ag Máirtín Mac Donnchadha.
Craolfar an clár ‘STEIP’, an Satharn beag seo, 6 Samhain 2010, ar TG4 ag 16:30.
Beidh seans ag daoine na comórtais Rince Aonair ar an Sean-Nós a bhí ar siúl ag Oireachtas na Samhna 2010 a fheicéal.
Athchraolfar an clár seo aimsir na Nollag.
Craolfar an clár ‘FÉILTE ÓN OIREACHTAS’ oíche Dé Sathairn chomh maith ag 20: 40.
Tabharfar sracfhéachaint ar chomórtais éagsúla chomh maith leis an gcraic agus spraoi a bhíonn ar siúl ag an Oireachtas.