Is ar Dháithí Ó Sé ó TG4 a bronnadh an chéad ghradam Gael-Réalta Gala mar a fógraíodh ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i gcomhar le Gala in Farmleigh i mBaile Átha Cliath, Dé hAoine, 21 Bealtaine. Seo an dara dea-scéal in aon tseachtain amháin ag Dáithí – an scéal faoi Rós Thrá Lí agus anois an fógra gurb eisean Gael-Réalta Gala na bliana seo!
Ba é Aengus Mac Grianna ó Nuacht RTÉ a bhí i mbun an tsearmanais ag na Gradaim a eagraíonn Oireachtas na Gaeilge trína ndéantar ceiliúradh ar na láithreoirí teilifíse agus raidió, ar na haisteoirí agus na hiriseoirí agus ar an lucht déanta clár a bhfuil cion oibre thar na bearta déanta acu in earnáil na cumarsáide Gaeilge le bliain anuas.
"Is mór an scéal é seo dom,” a deir Dáithí Ó Sé. "Fógraíodh níos luaithe an tseachtain seo gur mé a bheidh i m'fhear an tí ag Rós Thrá Lí agus is barr ar an dea-scéala Gradam Gael-Réalta Gala. Táim ag freastal ar Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais le blianta agus is iontach an cor nua a cuireadh iontu i mbliana leis an nGradam nua seo. Tá mé an-bhuíoch de gach duine a vótáil ar mo shon," a deir sé.
Fuair Na Cloigne (TG4), an scéinséir osnádúir arna stiúradh ag Robert Quinn agus arna léiriú ag Ciarán Ó Cofaigh gradam Dhráma Teilifíse na Bliana. Seó Spóirt, a chuireann Dara Ó Cinnéide, iar-chaptaein Chiarraí, i láthair, a bhuaigh an gradam do Shraith Teilifíse na Bliana. Ba leis Na Cloigne arís an gradam d'Aisteoir na Bliana nuair a scuab Darach Ó Dubháin an chraobh leis as ucht a chuid aisteoireachta i bpáirt Sheáin Uí Dhónaill. Ainmníodh Emer Ní Chonaola, láithreoir nuachta TG4 mar Phearsa Teilifíse na Bliana.
Rug Rónán Mac Aodha Bhuí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta dhá ghradam leis - Sraith Raidió na Bliana do Rónan Beo @ 3 agus Pearsa Raidió na Bliana. Bronnadh gradam Iriseoir na Bliana ar Bhreandán Delap ó Beo! agus ba é Alan Titley a gnóthaigh an gradam do Cholúnaí na Bliana as ucht a chuid saothair ar an Irish Times.
"Tá muid thar a bheith sásta le gradaim na bliana seo agus leis an ngradam nua, an Gael-Réalta Gala 2010,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. "Tréaslaím a ghradam le Dáithí agus leis na buaiteoirí eile arb iad a gcomhghleacaithe féin i saol na cumarsáide a thug an t-aitheantas dóibh as ardfhiúntas a gcuid saothair," a deir sé.
Ba í seo an chéad bhliain a raibh baint leis na gradaim ag Gala, ceann de na grúpaí miondíolacháin is tréine a bhfuil forás fúthu in Éirinn faoi láthair, agus tugadh isteach an gradam Gael-Réalta Gala 2010 d'fhonn na gradaim a chur ar a n-aird do phobal níos leithne. Bhí Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Gráinne Seoige, Bláthnaid Ní Chofaigh agus Michelle Beamish ar an ngearrliosta don Ghradam sin freisin. Is é Gael-Réalta Gala an t-aon ghradam ar trí vótaí an phobail a roghnaíodh an buaiteoir agus chaith daoine ar fud na tíre ar fad vótaí lena aghaidh.
"Tá an ceangal le hOireachtas na Gaeilge i ndáil le Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i gcomhar le Gala ar cheann de na príomhbhearta againn i bhfeachtas dar teideal Gala Goes Gael agus ba chúis ríméid dúinn an dea-thoradh a bhí air," arsa Gary Desmond, Príomhfheidhmeannach Gala. "Ghlac na siopaí páirt go fonnmhar ann agus ba mhór i gceist againn go mbeadh páirt mhór ag an lucht siopadóireachta sna gradaim,” a deir sé.
Chuir bronnadh Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar fhoireann an nuachtáin Foinse (1996-2009) críoch leis an ócáid.
1. SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Seó Spóirt (Sónta do TG4)
2. DRÁMA TEILIFÍSE NA BLIANA
Na Cloigne (ROSG do TG4)
3. PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Eimear Ní Chonaola (TG4)
4. AISTEOIR NA BLIANA
Darach Ó Dubháin mar Seán Ó Dónaill sa dráma Na Cloigne
5. SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Rónán Beo@3 (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
6. PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Rónán Mac Aodha Bhuí (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
7. IRISEOIR NA BLIANA
Breandán Delap (Beo!)
8. COLÚNAÍ NA BLIANA
Alan Titley (Irish Times - Crobhingne)
9. BUAIC-GHRADAM CUMARSÁIDE
Foireann Iriseoireachta Foinse 1996 – 2009