Baineann An tOireachtas úsáid as fianáin ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa 'Pholasaí Príobháideachais' seo.

Privacy Preferences

When you visit any website, it may store or retrieve information through your browser, usually in the form of cookies. Since we respect your right to privacy, you can choose not to permit data collection from certain types of services. However, not allowing these services may impact your experience.

  • Privacy Policy
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Content Delivery Network
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Youtube (Hosting Video Platform by Google Inc.)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Vimeo (Hosting Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Google Ads (Advertisement Delivery Network)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Dailymotion (Hosted Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Facebook & Instagram (Social Media)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.

Duaiseanna Liteartha an Oireachtais bronnta

2010 || Nuacht || An tOireachtas

Bronnadh Duaiseanna Liteartha an Oireachtais ag searmanas i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna (Dé Máirt, 28 Meán Fómhair 2010) tráth ar dáileadh duaischiste arbh fhiú €80,000 é. Daichead a seacht (47) comórtas a bhí ar chlár na bliana seo - tríocha a haon acu sin do scríbhneoirí fásta agus sé cinn déag (16) do dhaoine óga. Bhí réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtas, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, léirmheastóireacht, prós, saothair taighde, filíocht, scríbhneoireacht scripte (don raidió agus don teilifís), dráma, agallamh beirte, blagáil, cumadóireacht amhrán agus eile.

"Tá na Comórtais Liteartha mar chuid lárnach d'obair Oireachtas na Gaeilge ó bunaíodh é in 1897 agus é mar aidhm acu deiseanna a chur ar fáil do scríbhneoirí aitheanta, chomh maith le scríbhneoirí nua a mhealladh le dul i mbun pinn,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, ag an ócáid bhronnta. "Cé go bhfuil na duaiseanna iontu féin an-tábhachtach do scríbhneoirí tá an t-aiseolas agus an léirmheastóireacht chuiditheach a fhaigheann siad mar gheall ar a saothar níos luachmhaire fós agus faigheann gach uile scríbhneoir a chuireann isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais an tacaíocht sin."

Chomh maith leis na duaiseanna liteartha, bronnadh duaiseanna foilsitheoireachta, Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta) agus Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga), atá urraithe ag Foras na Gaeilge, ag an searmanas bronnta freisin.

Comórtais Liteartha don Scríbhneoir Fásta

COMÓRTAS A1: ÚRSCÉAL - FISCEAN LITEARTHA
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge
Duais €5,000
Beirt Bhan Mhisniúla le Pádraig Ó Siadhail, Timberlea, Nova Scotia, Ceanada.

COMÓRTAS A2: ÚRSCÉAL - FISCEAN ÉADROM
Maoinithe ag Foras na Gaeilge
An Chéad Duais €5,000
Buille Marfach le Anna Heussaff, An Cuarbhóthar Theas, Cill Mhaigheann, Baile Átha Cliath 8.

An Dara Duais €1,500 – Roinnte (€750 an duine)
Aoibhinn Beatha an Scoláire le Colm Mac Confhaola, Sráid Pheadair, Loch Garman.
&
An Litir  le Liam Mac Cóil, Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Co. na Mí.

COMÓRTAS A3: FISCEAN DO DHAOINE ÓGA (9/10-12) 
Maoinithe ag Foras na Gaeilge
An Chéad Duais €3,000  
Na Trí Mhíoltóg le Mícheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

An Dara Duais €1,000
Maggie Sailor agus Mallacht na Mic Ó gCorra le Proinsias Mac a’Bhaird, Foxhills,
Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

COMÓRTAS A4: FISCEAN DO DHAOINE ÓGA (13-15)
Maoinithe ag Foras na Gaeilge
An Chéad Duais €3,000  
Gealach le Seán Mac Mathúna, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath.

An Dara Duais €1,000
Athfhianna  le Cóilín Ó Corrbuí, Ard na Gréine, Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall.

COMÓRTAS A5: ÁBHAR LÉITHEOIREACHTA DON FHOGHLAIMEOIR FÁSTA
Maoinithe ag Foras na  Gaeilge
An Chéad Duais €3,000
Uisce faoi Thalamh  le Áine Uí Fhoghlú, Rinn Ó gCuanach, Dúngarbhán, Co. Phort Láirge.
 
An Dara Duais €1,000
Dumhach Thrá  le Brian Ó Baoill, Teach Mór Thoir, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

COMÓRTAS A6: CNUASACH GEARRSCÉALTA 
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge
Duais €2,500
An Duinníneach ar an Sceilg  le Biddy Jenkinson, f/ch Coiscéim, Bóthar Bhinn Éadair,
Baile Átha Cliath 13.

COMÓRTAS A7: GEARRSCÉILÍNÍ IN OIRIÚINT DO CHAINTEOIRÍ DÚCHAIS GAEILGE
Maoinithe ag Breacadh – Achmainn Aosoideachais trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, i gcuimhne Mháire Ní Chéilleachair, oideachasóir agus craoltóir
An Chéad Duais €1,000
Scéalta an Luain  le Helen Ó Murchú, Corrán Naomh Fhiontain, Baile Átha Cliath 13.

An Dara Duais €500
Aois an Phinsin agus Scéalta Eile   le  Áine Uí Fhoghlú, Rinn Ó gCuanach, Dúngarbhán,
Co. Phort Láirge.

COMÓRTAS A8: GEARRSCÉAL – DUAIS AN MHAOLÁNAIGH
Maoinithe ag Litríocht.com
An Chéad Duais €400
An Snámhaí  le Katherine Duffy, Ascaill Bhraemar, Baile an Teampaill, Baile Átha Cliath 14.

An Dara Duais €200
Achaidh Aislinge le Seán O’Connor, Wallingford, Stáit Aontaithe Mheiriceá. 

COMÓRTAS A9: GEARRSCÉAL DO DHAOINE ÓGA
Maoinithe ag Craobh Aimhirgin de Conradh na Gaeilge
An Chéad Duais €200
An Eochair  le Sorcha de Brún, Bóthar Leamhán, Domhnach Cearna, Baile Átha Cliath 9.

An Dara Duais €200 – Roinnte (€100 an duine)
An tAdhlacóir  le Jackie Mac Donncha, Cill Chiaráin, Conamara, Co. na Gaillimhe.
&
An Capsúl  le Orna Ní Choileáin, Bóthar Ardliath, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath 5.

COMÓRTAS A10: CNUASACH FILÍOCHTA
Maoinithe ag Coistí Gairmoideachais na Mumhan
(Coistí Gairmoideachais na Mumhan - Seirbhísí Oideachais Chiarraí agus Contaetha Chorcaí, an Chláir, Luimnigh, Phort Láirge, Thiobraid Árann Thuaidh agus Theas; agus Chathracha Chorcaí, Phort Láirge agus Luimnigh.)
Duais €1,250
Dán Nollag faoin Samhradh le Gréagóir Ó Dúill,  Céide Merton, Baile Átha Cliath 6.

COMÓRTAS A11: SAOTHAR CREIDIMH
Maoinithe ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta
Duais €1,000
Dánta Eoin Pól 11  le Ciarán Ó Coigligh, Páirc Oakley, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath 3.

COMÓRTAS A12: LÉIRMHEASTÓIREACHT AR FHILÍOCHT
Maoinithe ag Éigse Éireann - Poetry Ireland agus Oireachtas na Gaeilge
Duais €400
Louis de Paor – as Ríona Ní Fhrighil, Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge  le Caoimhín Mac Giolla Leith, Scoil na Gaeilge, Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath , Baile Átha Cliath 4.

COMÓRTAS A13: SAOTHAR PRÓIS 
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge
An Chéad Duais €1,000
An tSlat Féithleoige  le Stiofán Ó Cadhla, Cnoc Maitiú, Leghernaghmore, Co. Chorcaí.

Duais €750
Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach  le Ríona Ní Chongáil, Raghnallach, Baile Átha Cliath 6.
Duais €750
Go dTiúrfainn air Léirmheas  le Gearóid Denvir, Aille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

COMÓRTAS A14: COMÓRTAS NA SCRÍBHNEOIRÍ ÚRA
Maoinithe ag Foras na  Gaeilge
An Chéad Duais €2,500
Crithloinnir  le Caitríona Ní Chleirchín, Gort na Móna, Scairbh na gCaorach, Co. Mhuineacháin.

An Dara Duais €1,000 – Roinnte (€500 an duine)
Résheoid  le Doireann Ní Ghríofa, Cúirt an tSeandúin, Cnoc Richmond, Cathair Chorcaigh.
&
Cuimhní Cinn le Smaointe Fánach  le Máirín Mhic Lochlainn, Baile na mBrabhach, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

COMÓRTAS A15: CUR CHUN CINN NA GAEILGE
Maoinithe ag Conradh na Gaeilge
Duais €1,000
Ó Ishi go Hopi Boy le John Walsh & Lillis Ó Laoire, Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaeilge, Gaillimh.

COMÓRTAS A16: STAIR NA nEAGRAS GAEILGE I STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ
Maoinithe ag muintir Eoin McKiernan(crann taca na teanga iI Stáit Aontaithe Mheiriceá) –i gcuimhne Nollaig Ó Gadhra
Duais €600
Gnéithe ar leith de Stair na nEagras Gaeilge i Stáit Aontaithe Mheiriceá 1900-2000  le Fionnuala Uí Fhlannagáin, Clós Chondúin, Cill Iníon Léinín, Co. Bhaile Átha Cliath.

COMÓRTAS A19: LEABHRÁN NÓ AISTE BHITHEOLAÍOCHTA
Maoinithe ag Acadamh na Lianna
Duais Aitheantais €150
Príomhchúiseanna na hAilse agus cur síos ar an Meiteastáis sa Cholainn le Eoin Ó Murchú, Lána Craorag, Gleann Cuilinn, Baile Átha Cliath 18.

COMÓRTAS  A20: DRÁMA RAIDIÓ
Maoinithe ag RTÉ
Duais €2,500
Ábhar Machnaimh  le Órla Ní Chuilleanáin, Ardán an Phrionsa Éadbhaird, An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath.

COMÓRTAS A21: DRÁMA ILGHNÍOMH
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge
Duais €1,000
Meanmarc  le Celia de Fréine, Warwick Villas, Raghnallach, Baile Átha Cliath 6.

COMÓRTAS A22: DRÁMA AONGHNÍMH
Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta
Duais €600
Na Leabhra  le Aodh Ó Domhnaill, Bóthar an Fhaiche, An Charraig Dhubh,
Co. Bhaile Átha Cliath.

COMÓRTAS A23: COMÓRTAS CUIMHNEACHÁIN AOIDH UÍ RUAIRC
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge agus ag an gCumann Scoildrámaíochta

ROINN A
An Chéad Duais €200
Bígí Sona  le Brian Ó Baoill, Teach Mór Thoir, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

ROINN B
An Chéad Duais €200
Ní hUasal ná hÍseal   le Fergus Ó Conghaile, Cill Rónáin, Inis Mór, Co. na Gaillimhe.

An Dara Duais €150
Reicscí sa Ritz  le Áine Treasa Ní Dheirg agus Máire Ní Ghealbháin,  Ráth Cairn,
Baile Átha Buí,  Co. na Mí.

ROINN C  (Duais i gcuimhne Dhonncha Uí Shúilleabháin)
An Chéad Duais €300
Oíche Dár Saol   le Bróna Ní Uallacháin, John Coogan Park, Caisleán Nua, Gaillimh.

An Dara Duais €150
Agóid  le Brian Ó Baoill, Teach Mór Thoir, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS A24: SCRIPT TEILIFÍSE
Maoinithe ag TG4
Duais €1,000
Slí na Fírinne  le Mícheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

COMÓRTAS A25: COMÓRTAS GEARRSCANNÁN I gCUIMHNE AR RIOBARD MAC GÓRÁIN
Maoinithe ag Gael Linn
An Chéad Duais €3,500
Potaisiam  le Sibéal Davitt, Bóthar Albaine, Raghnallach, Baile Átha Cliath 6.

An Dara Duais €1,000
Sála Arda le Lesley Ann Dougan, Ascaill Tí Naithí, Baile na nGabhar, Baile Átha Cliath 6.

An Tríú Duais €500
Ruairí agus an Tuar Ceatha le Dónal de Buitléir, Caiseal na gCorr, Gort a’Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

COMÓRTAS A26: SCÉAL DÍRITHE AR DHÉAGÓIRÍ
Maoinithe ag Ard-Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael
Duais €500
Biorra  le Colm Ó Ceallacháin, Sean-Bhóthar na hEochaille, Corcaigh.

COMÓRTAS A27: AGALLAMH BEIRTE
Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta
Duais €500
Galántacht  le Seán Ó Muimhneacháin, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí.

COMÓRTAS A28: CUMADÓIREACHT AMHRÁN
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge
Duais €1,500
Reilig Ghobnatan  le Seán Ó Muimhneacháin, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí.

COMÓRTAS A29: BLÁGÁIL
Maoinithe ag Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Duais €500
Mise Áine  le Áine Durkin, Ceann Scríbe, Bóthar na Gráinsí, Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall.

COMÓRTAS A30: LEABHAR NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA – GRADAM RÉICS CARLÓ
Maoinithe ag Foras na Gaeilge
Duais an Fhoilsitheora: €7,000
Móinín, Baile Uí Bheacháin, Co. an Chláir.

Duais an Údair: €3,000
Ruball Trioball le Esther Gobl Uí Nualláin.

COMÓRTAS A31: LEABHAR NA BLIANA DO DHAOINE FÁSTA – GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN
Maoinithe ag Foras na Gaeilge
Duais an Fhoilsitheora: €10,000
Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

Duais an Údair: €5,000
Ó Chósta go Cósta le Frank Reidy.

COMÓRTAIS LITEARTHA don Scríbhneoir Óg

COMÓRTAS B5: IRISEOIREACHT – ROINN A (FAOI 16)
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge
Duais €300
Mná as an Gnáth  le Bríde Ní Éimhín, Tobar, Lios Póil, Co. Chiarraí.

COMÓRTAS B6: IRISEOIREACHT – ROINN B (FAOI 21)
Maoinithe ag Bord na Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
Duais €300
Chagrin: léirú ar an saol comhaimseartha   le Pádraig Mac Congáil, Ascaill Papworth, Bóthar Culmore, Doire.

COMÓRTAS B8: SCÉAL – ROINN A (FAOI 16)
Maoinithe ag Cara leis an Oireachtas
An Chéad Duais €300 
Finné de Robáil  le Marie Seoighe, Baile na hAbhann, Conamara, Co. na Gaillimhe.

An Dara Duais €150
Cogadh na gCamáin  le Maidhc Ó Conghaile, Coláiste Cholmcille,  Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

COMÓRTAS B9: SCÉAL – ROINN B (FAOI 21)
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge
An Chéad Duais €300 
Galar an Ghrá  le Gráinne Ní Bheoláin, Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

An Dara Duais €150
Saghas Nua Draíochta  le Seán Ó Dubhchon, Machaire Rabhartaigh, Gort a’Choirce,
Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

COMÓRTAS B10: AGALLAMH BEIRTE – ROINN B (FAOI 21)
Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta
Duais €300
Leas Mhurchaidh agus Aibhleas Mhánais  le Criostóir Ó Mianáin, Baile Thoir, Toraigh,
Co. Dhún na nGall.

COMÓRTAS B12: DÁN – ROINN A (FAOI 16)
Maoinithe ag Comhairle Chontae an Chláir
An Chéad Duais €200
Concertina ag Caint  le  Courtney Ní Shiail, Muine Dubh, An Bun Beag, Gaoth Dobhair,
Co. Dhún na nGall.

An Dara Duais €100
Gealach Fírinneach  le Peadar Ó Goill, Inis Mór, Árainn, Co. na Gaillimhe.

COMÓRTAS B13: DÁN – ROINN B (FAOI 21) DUAIS SHEÁIN UÍ RIORDÁIN
Maoinithe ag Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
An Chéad Duais €300 
Cath Céad Fhocail   le Seán Ó Dubhchon, Machaire Rabhartaigh, Gort a’Choirce,
Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

An Dara Duais  €200
Ceannabháin Bhána  le Diarmaid Ó Fátharta, Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

COMÓRTAS B15: AMHRÁN – ROINN B (FAOI 21)
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge
An Chéad Duais €200 
Hairicín   le Seán Ó Dubhchon, Machaire Rabhartaigh, Gort a’Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.