Seolfaidh Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Macalla Ceoil, taispeántas de shaothair ealaíne le Meadhbh Ní Eidhin in Aonad Cartlainne an Oireachtais i gCasla, Co. na Gaillimhe, Dé Céadaoin, 14 Iúil 2010 ag 7.00 p.m.
Roghnaíodh Meadhbh Ní Eidhin mar Ealaíontóir na hÉireann 2010 le haghaidh Féile Idircheilteach Lorient sa Bhriotáin agus seo é an chéad léiriú den saothar a bheidh ar taispeáint aici ag an bhféile.
''Tá muid an-ríméadach go bhfuil deis againn an taispeántas seo a bheith ar crochadh sa mbaile sula dtéann sé ar aghaidh go Lorient,'' a dúirt Liam Ó Maolaodha. "Is mór an onóir é a bheith roghnaithe le dul chuig Féile Idircheilteach Lorient agus tréaslaím a saothar le Meadhbh." Beidh Féile Idircheilteach Lorient ar siúl ó 6-15 Lúnasa 2010.
Fiche is a cúig pictúir, ola ar chanbhás, atá sa taispeántas seo agus iad go léir bunaithe ar théama an cheoil. Beidh an taispeántas oscailte don phobal idir 10.00 ar maidin agus a 4.00 tráthnóna ó Déardaoin 15 Iúil 2010 go dtí Dé Máirt 27 Iúil 2010. Tá na saothair ar fad ar díol.
Fuinneadh agus fáisceadh Meadhbh i dtimpeallacht an cheoil sa Spidéal i gConamara, áit a bhfuil cónaí uirthi faoi láthair. Oibríonn sí mar mhúinteoir ceoil chomh maith le bheith ina healaíontóir. Tá cuid mhaith dá saothar ealaíne i mbailiucháin phríobháideacha in Éirinn, sa Bhreatain Mhór, san Eoraip, i Stát Aontaithe Mheiriceá, sa Mhaleisia, san Afraic Theas agus san Astráil.