Iarfhoireann bhuacach Foinse 1996-2009. Ó chlé ar gcúl: Seán Clancy, Bainisteoir Fograíochta; Seán Tadhg Ó Gairbhí, Eagarthóir; Pádraig Ó Céidigh, Úinéar; Neasa Ní Choisdealbha, dearthóir; Máire Clancy, Bainisteoir Idirlín agus Seán Ó Mainnín, Bainisteoir Tairgíochta. Ina suí ó chlé: Monique Uí Dhomhnaill agus Marie Uí Thuathail, riaracháin; Máire Ní Fhinneadha, ceartprofaitheoir agus Bridget Bhreathnach, scríbhneoir.
Fógraíodh gur ar fhoireann iriseoireachta Foinse (1996 – 2009) a bhronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana. Déanfar an bronnadh orthu ag searmanas speisialta i Farmleigh, Dé hAoine, 21 Bealtaine 2010, tráth a bhfógrófar buaiteoirí uile Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i gcomhar le Gala. Beidh na gradaim sin á mbronnadh in ocht gcinn de chatagóirí, Pearsa Raidió na Bliana, Iriseoir na Bliana, Aisteoir na Bliana agus eile. Is é Aengus Mac Grianna ó Nuacht RTÉ a bheidh i mbun searmanais ag an ócáid.
Seo é an dara bliain déag de na gradaim trína ndéantar ceiliúradh ar na láithreoirí teilifíse agus raidió, ar na haisteoirí agus na hiriseoirí agus ar an lucht déanta clár a bhfuil cion oibre thar na bearta déanta acu in earnáil na cumarsáide Gaeilge le bliain anuas. Tá baint ag Gala, ceann de na grúpaí miondíolacháin is tréine a bhfuil forás fúthu in Éirinn faoi láthair, leis na gradaim mar urraithe den chéad uair i mbliana.
"Tréaslaímid le foireann Fhoinse 1996 – 2009,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. "Is aitheantas é seo, óna gcomhghleacaithe féin sna meáin, d'fhoireann dhíograiseach a chuir nuachtán Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ar feadh 13 bliain. Is liosta le háireamh liosta buaiteoirí an Bhuaic-Ghradaim le dhá bhliain déag anuas agus tá ómós faoi leith ag dul dóibh siúd uile a bhain amach áit air,” a deir sé.
Tá gradam nua ar a dtugtar Gala Gael Star of the Year curtha ar bun ag Gala i mbliana, i gcomhar le Oireachtas na Gaeilge. Tá Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Bláthnaid Ní Chofaigh, Dáithí Ó Sé, Gráinne Seoige agus Michelle Beamish, an t-aisteoir sa dráma Seacht, ainmnithe don ghradam sin. Is iad pobal na hÉireann a rinne an rogha eatarthu agus fógrófar an buaiteoir ar an oíche.
"Ba í an urraíocht ar Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i gcomhar le Gala an beart tosaigh i bhfeachtas cultúir agus margaíochta againn dar teideal Gala Goes Gael," arsa Gary Desmond, Príomhfheidhmeannach Seirbhísí Miondíolacháin Gala, "Tá líon ollmhór vótaí don ghradam Gala Gael Star of the Year caite ag daoine a dhéanann a gcuid siopadóireachta i siopaí Gala. Ós é an t-aon ghradam é arb iad ghnáthphobal na hÉireann a dhéanann an rogha ina leith, is rímhór acu siúd atá ainmnithe lena aghaidh an chéad ghradam Gala Gael Star,” a deir sé.
Tá Rónán Mac Aodha Bhuí agus Eibhlín Ní Chonghaile ó RTÉ Raidió na Gaeltachta go mór i gceist i gcás na ngradam raidió. Tá an dá chlár Rónan Beo@3 agus Iris Aniar ainmnithe don ghradam Clár Raidió na Bliana agus tá Rónán agus Eibhlín ainmnithe freisin don ghradam Pearsa Raidió na Bliana. Sa chatagóir, Dráma Teilifíse na Bliana, tá an scéinséir osnádúir Na Cloigne agus an dráma tíriúil Rásaí na Gaillimhe i measc na sraitheanna atá ar an ngearrliosta.
Is é comórtas na gcomhghleacaithe é idir colúnaithe de chuid an Irish Times don ghradam Colúnaí na Bliana agus ainmniúchán faighte ag Pól Ó Muirí agus Alan Titley araon mar gheall ar na colúin rialta uathu le bliain anuas.