D’fhógair Oireachtas na Gaeilge inniu go bhfuil said chun síneadh ama seachtaine a chur le spriocdháta iontrála na gComórtas Ardáin ag Oireachtas na Samhna. Glacfar le hiarratais anois suas go dtí Dé Céadaoin, 22 Meán Fómhair 2010.
Is i gCill Airne, Co. Chiarraí, a bheidh Oireachtas na Samhna na bliana seo ar siúl, ó 26 – 31 Deireadh Fómhair 2010. Is iad seo a leanas na comórtais atá ar an gclár: Amhránaíocht ar an Sean-Nós; Rince Aonair ar an Sean-Nós; Lúibíní; Agallamh Beirte; Scéalaíocht; Dreas Cainte; Scoraíocht; Seó Ardáin; Sceitse; agus Amhráin Nua-Chumtha.
Tabhair faoi deara gur ar Aoine na féile, 29 Deireadh Fómhair 2010, a bheidh na comórtais Amhránaíochta ar an Sean-Nós do dhaoine óga ar siúl anois agus ní ar an Déardaoin, mar a bhí fógartha roimhe seo.
Tá gach eolas maidir leis na comórtais uile, agus go deimhin maidir le himeachtaí eile na féile ar fáil ó Oifig an Oireachtais ag 01 475 38 57 agus freisin ar an suíomh idirlín www.antoireachtas.ie.