Baineann An tOireachtas úsáid as fianáin ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa 'Pholasaí Príobháideachais' seo.

Privacy Preferences

When you visit any website, it may store or retrieve information through your browser, usually in the form of cookies. Since we respect your right to privacy, you can choose not to permit data collection from certain types of services. However, not allowing these services may impact your experience.

  • Privacy Policy
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Content Delivery Network

  • Youtube (Hosting Video Platform by Google Inc.)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Vimeo (Hosting Video Platform)

  • Google Ads (Advertisement Delivery Network)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Dailymotion (Hosted Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Facebook & Instagram (Social Media)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.

Uachtarán 2010 Insealbhaithe

2010 || Nuacht || An tOireachtas

Insealbhaíodh Uachtarán an Oireachtais 2010, Mícheál de Mórdha, ag searmanas speisialta i gceannáras Fhoras na Gaeilge tráthnóna inniu (Dé Máirt, 9 Feabhra 2010). Cuireann an ócáid seo tús le féilire imeachtaí an Oireachtais do 2010.

Is as Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh i dTrá Lí do Mhícheál agus tá a shaol oibre caite aige leis an nGaeilge. Ó 1993 ar aghaidh, tá sé ina Stiúrthóir ar Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin. Roimhe sin, chaith sé 17 mbliana mar Chlár-Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta, d’oibrigh sé mar iriseoir leis an nuachtán Gaeilge, Inniu, agus chaith sé bliain mar riarthóir le Gael Linn.

Tá spéis ar leith aige sna teangacha Ceilteacha agus bíonn sé i gcónaí ag iarraidh nasc níos láidre a chothú lenár gcomharsana Ceilteacha. Ní strainséir ar bith é Mícheál do chomórtais an Oireachtais ach an oiread - bhuaigh sé féin duais sna Comórtais Liteartha cúpla uair.

"Is mór an onóir dom a bheith ceaptha san oifig seo,” a dúirt Mícheál, agus é ag glacadh le Slabhra an Uachtaráin. "Tugann sé cúis bhród dom ionadaíocht a dhéanamh don Oireachtas sa bhliain atá romhainn. Is é Oireachtas na Samhna an fhéile is tábhachtaí i gcultúr Gaelach na hÉireann,” a dúirt sé.

"Guím gach rath ar Mhícheál de Mórdha ina bhliain mar Uachtarán,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. "Táimse fíorbhródúil as a bhfuil bainte amach ag Oireachtas na Gaeilge go dtí seo. Tá imeachtaí an Oireachtais, agus Oireachtas na Samhna go háirithe, lárnach i bhforbairt na n-ealaíon ársa sa tír seo.”

Tá féilire lán go béal d’imeachtaí á sholáthar ag Oireachtas na Gaeilge arís i mbliana - beidh Léacht an Oireachtais ar siúl i mí Aibreáin, beidh Na Gradaim Chumarsáide ar siúl i dteach Farmleigh i mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine, beidh Na Comórtais Liteartha ar siúl i mí Mheán Fómhair, agus beidh an buaicphointe i bhféilire an Oireachtais, Oireachtas an Samhna ar siúl ag deireadh mí Dheireadh Fómhair i gCill Airne.

Ag labhairt faoi thodhchaí na n-eagras Gaeilge, dúirt Liam,

"Faoi láthair mar is eol daoibh, tá measúnú á dhéanamh ar na heagrais Ghaeilge agus tá ráite linn go mbeidh maoiniú eatramhach á chur ar fáil dúinn go lár na bliana seo, ach nach bhfuil aon chinnteacht ann maidir leis an dara leath den bhliain 2010. Iarraim go humhal orthu siúd atá ag plé leis na nithe seo - Foras na Gaeilge, oifigigh na Roinne agus ar ndóigh an tAire Ó Cuív féin - a bheith cúramach, léirsmaointeach leis an measúnú seo. Tugaigí aire na huibhe, aire na ngloiní dár dteanga agus gach a bhfuil bainte amach againn. Tá ról lárnach ag Oireachtas na Gaeilge agus féidearthachtaí iontacha amach romhainn, ach na cinntí cearta a dhéanamh san am atá le theacht,” a dúirt sé.