Fógraíodh inniu (25 Bealtaine 2011) gur ar Mhícheál Ó Muircheartaigh, an craoltóir spóirt, a bhronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana. Déanfar an bronnadh air ag searmanas speisialta in Óstán an Meyrick i nGaillimh, Dé hAoine, 27 Bealtaine 2011, tráth a bhfógrófar buaiteoirí uile Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i gcomhar le Gala. Beidh an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. ag bronnadh na ngradam agus is í láithreoir teilifíse, Maura Derrane, a bheidh ag láithriú na hócáide. Deich (10) ngradam ar fad a bhronnfar, ina measc, Pearsa Raidió na Bliana, Iriseoir na Bliana, Aisteoir na Blianaagus eile.
"Is cúis áthais ar leith d'Oireachtas na Gaeilge an Gradam seo a bhronnadh ar Mhícheál Ó Muircheartaigh” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. "Níl cnoc ná gleann ar fud na tíre nach bhfuil aithne ar an gcraoltóir cáiliúil ann óna chuid blianta ag tráchtaireacht ar raidió agus ar an teilifís. Ceannródaí craoltóireachta, cara i gcúirt na Gaeilge agus ceann do na daoine is cineálta agus is macánta de chuid na linne seo” ar sé.