Bhí slua mór de réaltaí na meán Gaeilge i láthair ag ócáid mhór in Óstán Meyrick i nGaillimh anocht (Dé hAoine, 27 Bealtaine 2011) nuair a bhronn an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2011, i gcomhar le Gala. Bronnadh trí (3) cinn de ghradaim chumarsáide ar léitheoir nuachta TG4, Eimear Ní Chonaola, a rinne cathaoirleacht i mí Feabhra ar an gcéad díospóireacht teilifíse i nGaeilge riamh idir ceannairí na bpáirtithe polaitíochta. Rug Eimear gradam Gael-Réalta Gala na bliana seo léi, chun tosaigh ar Dhaithí Ó Sé, Aoibhinn Ní Shúilleabháin agus Síle Seoige, agus is uirthi freisin a bronnadh (don dara bliain as a chéile) an gradam do Phearsa Teilifíse na Bliana agus is í a ghlac thar ceann fhoireann Nuachta RTÉ/TG4 le Gradam Speisialta mar gheall ar bheartaíocht barr feabhais sa chraoladh ar an gcéad díospóireacht teilifíse i nGaeilge idir ceannairí na bpáirtithe polaitíochta le linn fheachtas an olltoghcháin 2011.
Ba í an Láithreoir Teilifíse Maura Derrane a chuir Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i gcomhar le Gala i láthair. Oireachtas na Gaeilge a eagraíonn na Gradaim d'fhonn ceiliúradh a dhéanamh ar na láithreoirí teilifíse agus raidió, aisteoirí, iriseoirí agus lucht déanta clár a bhfuil cion thar na bearta déanta acu sna meáin chumarsáide Gaeilge le bliain anuas.
"Tá an-ríméad orm faoi na gradaim seo,” arsa Eimear Ní Chonaola. "Is iontach an bhliain agam í go dtí seo, díospóireacht na gceannairí i mí Feabhra agus na gradaim seo anois - cúis bróid dom gan dabht. Tá mé ag freastal ar Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i gcomhar le Gala le blianta agus is mór an onóir dom na gradaim seo a bhreith abhaile liom anocht. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le gach duine a vótáil ar mo shon maidir le gradam Gael-Réalta Gala na bliana agus leis an bhfoireann uilig i Nuacht RTÉ/TG4 a rinne éacht ceart san obair ar dhíospóireacht cheannairí na bpáirtithe polaitíochta agus ar fheachtas an olltoghcháin," a deir sí.
Is é craoltóir na mblianta fada, Mícheál Ó Muircheartaigh, a fuair Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana mar gheall ar a bhfuil déanta aige ar son na craoltóireachta agus ar son na Gaeilge le tamall fada anuas.
Thug an léiriú de chuid Magamedia, Corp Agus Anam, dhá ghradam leis; an ceann do Shraith Teilifíse na Bliana agus an ceann d'Aisteoir na Bliana a bronnadh ar Dhiarmuid de Faoite mar gheall ar a chuid aisteoireachta i bpáirt an tuairisceora nuachta, Cathal Mac Iarnáin. Is í Eibhlín Ní Chonghaile in RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhuaigh an gradam do Láithreoir Raidió na Bliana agus Rónán Mac Aodha Bhuí ón stáisiún céanna a thug leis an gradam do Chlár Raidió na Bliana mar gheall ar an gclár lár tráthnóna ‘Rónán Beo @ 3’.
Is ar Eoghan Ó Néill, eagarthóir Nuacht 24 a scríobhann don nuachtán Gaelscéal freisin a bronnadh an gradam d'Iriseoir na Bliana agus is é Alan Titley Colúnaí na Bliana mar gheall ar a chuid saothair don Irish Times sa cholún ‘Crobhingne’.
"Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Eimear faoina cuid gradam," arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. "Chuir sise agus foireann Nuachta RTÉ/TG4 an Ghaeilge i gceartlár an aonaigh le díospóireacht cheannairí na bpáirtithe polaitíochta agus is comhartha ar an tionchar a bhí aige sin ar an bpobal ar fud na tíre trí cinn de ghradaim a bheith tugtha léi aici anocht. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh chomh maith le Mícheál Ó Muircheartaigh a bhfuil Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais thar a bheith tuillte aige agus le buaiteoirí na ngradam ar fad, ar ndóigh, ar aitheantas atá sna gradaim seo ar an meas atá ag a gcomhghleacaithe ar a gcuid saothair."
Seo í an dara bliain a raibh urraíocht ó Gala, ceann de na grúpaí miondíolacháin is mó foráis ar fud na hÉireann, do na Gradaim agus do GhradamGael-Réalta Gala. Bhí Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Síle Seoige agus Daithí Ó Sé ar an ngearrliosta don ghradam sin freisin. Is é Gradam Gael-Réalta Gala na Bliana an t-aon ghradam a ndéanann an pobal vótáil ina leith agus bhí na céadta ar fud na tíre a chaith vóta dá rogha féin.
Dúirt Gary Desmond, Príomhfheidhmeannach Gala Retail: "Is maith atá gradam Gael-Réalta Gala tuillte ag Eimear atá ina lóchrann maidir lena bhfuil i gceist ag Gala leis an ngradam sin – an Oidhreacht, an Gaelachas agus an Cultúr. Is é sin an t-aon ghradam a ndéanann an pobal vótáil ina leith agus is cúis ríméid dúinn na céadta de lucht siopadóireachta Gala agus den phobal i gcoitinne ag cur leis an ngradam Gael-Réalta Gala trína vóta a chaitheamh.
Tá Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i gcomhar le Gala ina gcuid buntábhachtach den straitéis Gala Goes Gael atá ag an ngrúpa Gala agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil thar ceann an ghrúpa le gach duine a bhí ar an ngearrliosta don ghradam Gael-Réalta Gala; eiseamláirí iad ar fad maidir le saol na Gaeilge agus saol na hÉireann.”