Bliain den scoth a bhí ann don chomhlacht léiriúcháin Sónta Teo. agus dá bhunaitheoirí Éamonn agus Seán Ó Cualáin, atá ag ceiliúradh tar éis dóibh Gradam Cumarsáide Oireachtais a fháil sa chatagóir 'Clár Teilifíse na Bliana' don chlár faisnéise ‘Lón sa Spéir’. Is í Fionnuala Flanagan atá ag déanamh na reacaireachta sa chlár seo agus, de thoradh conradh dáileacháin sna Stáit Aontaithe atá díreach sínithe ag an mbeirt deartháireacha, beidh an clár á thaispeáint ar fud Mheiriceá.
Is é Aengus Mac Grianna ó RTÉ a bhí ina Fhear an Tí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a bhí ar siúl in Óstán Galway Bay, Dé hAoine, 17 Bealtaine 2013, áit ar tugadh aitheantas agus ómós do láithreoirí, aisteoirí, iriseoirí agus lucht déanta clár teilifíse agus raidió a rinne cion thar na bearta in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge le dhá mhí dhéag anuas.
Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais (Gradam Saoil) ar an iarchraoltóir Pat Butler as an ionchur luachmhar a rinne sé ina 36 bliain de chraoltóireacht, ag léiriú agus ag cur i láthair flúirse clár Gaeilge ar ardchaighdeán do RTÉ agus TG4. Bhí Pat ina léiritheoir, láithreoir agus tuairisceoir agus d'oibrigh sé ar chláir éagsúla, Youngline, Féach, Today Tonight agus Léargas ina measc.
Is iad Maggie Breathnach agus Pascal Cassidy de chuid Redshoe Productions a rug leo an gradam sa chatagóir 'Sraith Teilifíse na Bliana' don tsraith ealaíon ‘Imeall’ agus fógraíodh an láithreoir teilifíse agus iar-pheileadóir Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, mar Craoltóir Teilifíse na Bliana as a chur i láthair ar an gclár spóirt seachtainiúil ‘Seó Spóirt’ ar TG4. Bhuaigh Tara Breathnach a ghlacann ról Tina O'Dowd ar Ros na Rún Gradam Aisteoir na Bliana.
Thug Cormac Ó hEadhra ó RTÉ Raidió na Gaeltachta dhá ghradam abhaile leis. Is sé a fuair Gradam Chraoltóir Raidió na Bliana agus bhuaigh an seó a bhíonn aige ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ‘Cormac ag a Cúig’, an gradam Clár Raidió na Bliana.
Bhí an-oíche ag Raidió na Life, stáisiún raidió pobail bunaithe i mBaile Átha Cliath, a rug leis dhá ghradam – Gradam Speisialta ón Oireachtas mar aitheantas don stáisiún ar fiche bliain faoi bhláth i mbliana agus, chomh maith leis sin, bronnadh an gradam nua atá ag an Oireachtas, Gradam Láithreán Gréasáin na Bliana ar an stáisiún freisin.
I gcatagóir na meán clóite, bronnadh an gradam Iriseoir na Bliana ar Sheán Tadhg Ó Gairbhí, an t-eagarthóir nuacheaptha ar an iris liteartha, Comhar. Scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí don Irish Times freisin.
"Ba mhaith liom tréaslú leis na buaiteoirí uile,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. "Is iontach an rud é a bheith ag ceiliúradh 20 bliain craolacháin Raidió na Life agus tá ríméad orm gur thug siad leo an gradam nua atá againn i mbliana do Láithreán Gréasáin na Bliana. Déanaim comhghairdeachas freisin le Pat Butler a bhfuil Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais tuillte go maith aige. Tá ionchur ollmhór déanta aige sna meáin chumarsáide Gaeilge agus, lena chur chuige sainiúil i ngach aon ghné den chraoltóireacht a thóg sé air féin, bhí sé lárnach i leagan síos caighdeán agus dea-chleachtas sa cheird,” a dúirt sé.
Seo thíos liosta iomlán na mbuaiteoirí
1. TEILIFÍS: SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
Lón sa Spéir(Sónta Teo. do TG4)
2. TEILIFÍS: SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Imeall(Redshoe Productions do TG4)
3. TEILIFÍS: CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA
Dara Ó Cinnéide(Seó Spóirt, TG4)
4. AISTEOIR NA BLIANA
Tara Breathnach(Tina O’ Dowd, Ros na Rún)
5. RAIDIÓ: CLÁR/ SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Cormac ag a Cúig(RTÉ Raidió na Gaeltachta)
6. RAIDIÓ: CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA
Cormac Ó hEadhra(Cormac ag a Cúig, RTÉ Raidió na Gaeltachta)
7. IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA
Seán Tadhg Ó Gairbhí(Comhar, Irish Times)
8. LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA
www.raidionalife.ie Raidió na Life
9. GRADAM SPEISIALTA do Raidió na Life
atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód.
10. BUAIC-GHRADAM CUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS
Pat Butler
1. TEILIFÍS: SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
| Litir ó Mháirtín Jaimsie | Abú Media do TG4 |
| An Féidir Linn | Bóthar Ard do TG4 |
| Lón sa Spéir | Sónta Teo. do TG4 |
| Lorg na gCos - Súil siar ar Mise Éire | Midas Productions do TG4 |
2. TEILIFÍS: SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
| Turas Húicéara | Léirithe DMCI do TG4 |
| Imeall | Redshoe Productions do TG4 |
| Bliain in Árainn Mhór | Power Pictures do TG4 |
| Rónán ar an Camino | Waddell Media do TG4 |
3. TEILIFÍS: CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA
| Tristan Rosenstock | Imeall |
| Máire Treasa Ní Dhubhghaill | Ponc/ Rugbaí Beo |
| Rónán Mac Aodha Bhuí | Rónán ar an Camino |
| Seán Mac an tSíthigh | Nuacht TG4/RTÉ |
| Dara Ó Cinnéide | Seo Spóirt |
4. AISTEOIR NA BLIANA
| Tara Breathnach | Tina O’Dowd, Ros na Rún |
| Donncha Crowley | Cormac, Scúp |
| Linda Bhreathnach | Róise de Búrca, Rós na Rún |
| Kelly Gough | Alix, Scúp |
| Bláthnaid Ní Chofaigh | Maeve Kelly Clarke, Crisis Eile |
5. RAIDIÓ: CLÁR / SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
| Cormac ag a Cúig | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
| Spioradáltacht ar Leith | Raidió na Life |
| Splanc | Newstalk |
| Blas | BBC Raidió Uladh |
| Rónán Beo @ 3 | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
6. RAIDIÓ: CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA
| Cormac Ó hEadhra | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
| Siobhán Seoighe | Raidió na Life |
| Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
| Orla Nic Cárthaigh | Raidió Rí-Rá |
| Eibhlín Ní Chonghaile | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
7. IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA
| Seán Tadhg Ó Gairbhí | Comhar, Irish Times |
| Máirtín Ó Catháin | Gaelscéal/An Curadh Connachtach/Galway Advertiser |
| Pól Ó Muirí | Irish Times |
8. LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA
| www.gaelport.com | Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge |
| www.beo.ie | Oideas Gael |
| www.raidionalife.ie | Raidió na Life |
| www.meoneile.ie | Below the Radar |
| www.cula4.com | TG4 |
Tuilleadh eolais:
Úna Ní Chárthaigh, Stillwater Communications Natasha Fennell, Stillwater Communications
T: 01 677 0630 M:086 3375050T: 01 677 0630 M:087 2904658
R: una@stillwater.ie R: natasha@stillwater.ie

.gif)

.png)



.png)











 (1).png)

