Tá clár faisnéise faoin imreoir peile mór le rá as Ciarraí, Páidí Ó Sé, a fuair bás i mí na Nollag 2012, i measc na gclár teilifíse atá ainmnithe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana. Fógraíodh an gearrliosta do na Gradaim Chumarsáide inniu agus déanfar an bronnadh ar na buaiteoirí i nGaillimh, Dé hAoine, 16 Bealtaine 2014. Is é Aengus Mac Grianna, RTÉ, a bheidh i mbun searmanais ar an oíche.
Is chun aitheantas a thabhairt do shár-chaighdeáin in earnáil na cumarsáide Gaeilge a bhronntar na gradaim seo agus tugtar ómós do na haisteoirí, na hiriseoirí, na láithreoirí, lucht déanta na gclár agus daoine eile san earnáil a rinne ionchur ar leith sa ghort sin le bliain anuas. I mbliana, cuirfear córas nua vótála i bhfeidhm agus roghnóidh painéal moltóirí na buaiteoirí. Beidh ar na hainmnithigh ar fad samplaí dá gcuid oibre a chur isteach le cur faoi bhráid an phainéil saineolaithe a déanfaidh iniúchadh orthu.
I measc na láithreán atá ainmnithe don láithreán gréasáin Gaeilge is fearr, tá an suíomh nuachta agus eolais Gaeilge www.gaelport.com, an iris mhíosúil ar líne www.beo.ie agus an láithreán gréasáin físiriseoireachta www.meoneile.ie.
Beidh an scannán gearr "Rúbaí”, scéal faoi chailín óg a fhógraíonn gur aindiachaí í agus a dhiúltaíonn an Chéad Chomaoineach a dhéanamh in éineacht leis na páistí eile sa rang, san iomaíocht sa rannóg Scannán / Clár Teilifíse na Bliana chomh maith leis an gclár faisnéise, "Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste”, faoin imreoir peile clúiteach as Ciarraí.
Tá an tsraith de chuid Abú Media, "Garraí Glas”, a léiríonn an bealach le do chuid bia féin a fhás ag baint úsáide as modhanna traidisiúnta agus orgánacha in iomaíocht leis an tsraith faisnéise "Lads Mar Dads”, a dhéanann cíoradh ar aithreacha sa lá atá inniu ann do Sraith Teilifíse na Bliana. Tá Máire Treasa Ní Dhubhghaill, láithreoir teilifíse do pháistí agus tráchtaire rugbaí, ina measc siúd atá ainmnithe do Craoltóir Teilifíse na Bliana chomh maith le Tristan Rosenstock, láithreoir an chláir ealaíon "Imeall” ar TG4.
"Tá lucht na Gaeilge fíor-ghlórach agus fíor-ghníomhach san am i láthair,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. "Bhí beagnach 7,000 duine rannpháirteach i Lá Mór na Gaeilge le gairid, d’fhéach na milliúin ar fhíseáin Choláiste Lurgan ar an idirlíon agus níl sé i bhfad ó ceapadh an Coimisinéir Teanga nua. Tá daoine ar fud na tíre ag tabhairt an-aird ar sheasamh na Gaeilge anois agus tá ról lárnach ag earnáil na meán Gaeilge in insint an scéil agus i soláthar ardán éifeachtach dúinn,” a deir sé.
Tá Rónán Ó Muirthile ó Newstalk i lár an aonaigh sna catagóirí raidió i mbliana. Ainmníodh an clár seachtainiúil a bhíonn aige "Splanc” do Sraith Raidió na Bliana agus tá sé in iomaíocht freisin don teideal Craoltóir Raidió na Bliana.
Is i rannóg Aisteoir na Bliana atá an té is óige atá ainmnithe i mbliana; is dalta scoile í Doireann Ní Fhoighil atá ainmnithe don phríomhról sa scannán gearr "Rúbaí”. Tá sí i gcomórtas le Macdara Ó Fátharta, Eoin Ó Dubhghaill agus Eithne Nic Enrí ó "Ros na Rún”. Tá Denis Conway san iomaíocht chomh maith dá ról in "Scúp”, dráma de chuid BBC/TG4.
Beidh dhá cholúnaí a scríobhann don leathanach ‘Bileog’ san Irish Times, Alan Titley agus Caoimhe Ní Laighin, san iomaíocht sa chatagóir Colúnaí/Iriseoir na Bliana in éineacht le Tomaí Ó Conghaile ó Nós agus Concubhar Ó Liatháin, Seachtain agus iGaeilge.
Bíonn lucht faisin san airdeall i gcónaí maidir leis an ardchaighdeán stíle a bhíonn le feiceáil ag ócáid bhronnta na nGradam Cumarsáide agus, i mbliana den chéad uair, déanfar an ghné seo a cheiliúradh freisin! Mar chuid den siamsaíocht roghnófar an bhean is galánta feisteas agus an fear is galánta feisteas ar an oíche. Freisin cuirfidh Rónán Mac Aodha Bhuí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta an Cabaret Craiceáilte i láthair tar éis an bhronnta agus leanfar le fleá agus féasta go ceann i bhfad.
Féach ar an aguisín iniata le haghaidh liosta iomlán na ndaoine atá ainmnithe.
1.TEILIFÍS: SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
2.TEILIFÍS: SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
3.TEILIFÍS: CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA
4.AISTEOIR NA BLIANA
5. RAIDIÓ: CLÁR / SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
6. RAIDIÓ: CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA
7. IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA
8. LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Lisa Madden, Stillwater Communications
T: 01 6770630 R: lisa@stillwater.ie
Natasha Fennell, Stillwater Communications
T: 01 6770630R: natasha@stillwater.ie