Labhróidh Mairéad Ní Nuadháin, Ceannasaí ar Chaidreamh Seachtrach in RTÉ, ag ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2014 faoin tuarascáil a d’fhoilsigh RTÉ le déanaí maidir lena chuid seirbhísí Gaeilge. Seo é an chéad uair a dhéanfaidh urlabhraí ó RTÉ an tuarascáil a phlé leis an earnáil a bheidh ag teacht faoi thionchar na tuarascála sin. Tá a lán moltaí sa cháipéis maidir le forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí Gaeilge RTÉ, ina measc, ceapachán sinsearach a dhéanamh san eagraíocht chun freagracht a ghlacadh don Ghaeilge.
"Tá sé tráthúil go mbeidh an tuarascáil seo á plé ag ócáid bhronnta na nGradam Cumarsáide i mbliana,” a deir Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. "Is tuarascáil shuntasach í, ní amháin ó thaobh earnáil na meán cumarsáide de ach ó thaobh stádas na Gaeilge freisin agus tá an-áthas orm go mbeidh Mairéad Ní Nuadháin linn chun an t-ábhar a phlé. Go deimhin is céim eile í an chaint seo sa leathnú agus sa bhforbairt atá á dhéanamh againn ar Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais. I measc na bhforbairtí eile tá córas nua moltóireachta curtha i bhfeidhm againn i mbliana agus, den chéad uair riamh, beidh an pobal mór in ann an searmanas bronnta a leanúint, ar shuíomh an Oireachtais ag www.antoireachtas.ie agus freisin ar www.tg4.tv.”
Beidh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar siúl Dé hAoine, 16 Bealtaine in Óstán Galway Bay.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Lisa Madden, Stillwater Communications
T: 01 6770630
R: lisa@stillwater.ie
Natasha Fennell, Stillwater Communications
T: 01 6770630
R: natasha@stillwater.ie