Ar 23 Bealtaine 2015, tiocfaidh foireann Ospreys chomh fada le Páirc Thuamhan do bhabhta leathcheannais an Pro12. Beidh na Saighdiúirí Dearga ag teacht le chéile i mBeár an MRSC arís ar an lá, i gcomhpháirt le hOireachtas na Gaeilge agus Cumann Tacadóirí Rugbaí Mumhan (Munster Rugby Supporters Club).
Cuirfear imeachtaí ar siúl i mbeár an MRSC (trí gheata 18) roimh an gcluiche agius ina dhiaidh, beidh foclóir don chluiche curtha ar fáil, cúpla amhrán ón gCór agus go leor eile leis.
Mar sin má tá tú féin agus do chuid cairde sa cheantar bí cinnte teacht libh agus páirt a ghlacadh in ‘Lá na Gaeilge - Babhta Leathceannais’!
Imeachtaí na hoíche:
- Ciorcal Comhrá i mbeár an MRSC
- Frásaí Rugbaí & curfá ‘Stand Up And Fight’ curtha ar fáil trí mheán na Gaeilge
- Amhráin ó Chór an MRSC
Tuilleadh eolais le fáil ar facebook an Oireachtais: Babhta Leathcheannais i bPáirc Thuamhan