Tá deireadh an tsamhraidh ag druidim linn, agus tá na hullmhúcháin d’Oireachtas na Samhna, príomhfhéile náisiúnta na nGael, faoi lán seoil. Seo a leanas Clár na gComórtas Ardáin don Oireachtas, a tharlóidh i mbliana san Óstán Citywest i mBaile Átha Cliath ón 27ú Deireadh Fómhair – 1ú Samhain 2015.
Tabhair faoi deara go bhfuil roinnt athruithe ann i mbliana sa chlár:
- Beidh roinnt comórtais nua ann lena n-áirítear catagóir nua i gcuid de na comórtais do pháistí 'Faoi 9' - de thoradh éileamh ó thuismitheoirí & múinteoirí.
- I mbliana beidh Corn Dhiarmuid Mhic an Adhastair á bhronnadh ar bhuaiteoiri an chomórtais 'Agallamh Beirte' (faoi 12) le hurraíocht ó Ros na Rún i gcuimhne an aisteora Diarmuid Mhic an Adhastair a cailleadh ní ba luaithe i mbliana.
- Beidh Scoraíocht ar ais ar an gClár de bharr éilimh. Tá grúpaí scoraíochta as Conamara cláraithe cheana féin. Má tá spéis ag do ghrúpa a bheith páirteach, déan teagmháil linn anseo, nó ar eolas@antoireachtas.ie
Ná déan dearmad go bhfuil ráta speisialta lóistín ar fáil sa Citywest do lucht freastal an Oireachtais, €67.50pps- an ráta céanna leis an Gleneagle anuraidh. Níl an ráta seo ar fáil ar an idirlíon agus moltar duit glaoch a chur ar an Óstán, nó ríomhphost a chur chucu ag déanamh soiléir gur ag freastal ar an Oireachtas a bheidh tú. Tá tuilleadh sonraí faoi iamh.
Spriocdháta iontrála: 16ú Meán Fómhair. Beidh cóip crua den chlár ag dul amach sa phost go luath chuig iomaitheoirí na bliana anuraidh.