D’fhógair Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2015 inniu, 7 Deireadh Fómhair 2015. Déanann Gradam Uí Shúilleabháin ceiliúradh ní amháin ar fheabhas na scríbhneoireachta Gaeilge ach ar na caighdeáin arda táirgeachta a léiríonn foilsitheoirí ar fud na hÉireann le linn na bliana.
Gach bliain cuireann foilsitheoirí leabhar Gaeilge ó gach cearn den tír plúr a saothar ar aghaidh le bheith san iomaíocht don ghradam seo. I ndiaidh dian-iomaíochta, roghnaíodh sé (6) leabhar do ghearrliosta na bliana seo: I dTír Strainséartha le Liam Mac Cóil, foilsithe ag Leabhar Breac, an dara leabhar i sraith úrscéalta suite in Éirinn agus ar Mhór-Roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha sin tar éis Imeacht na nIarlaí; Na Comharthaí le Darach Ó Scolaí, foilsithe ag Leabhar Breac, úrscéal ar théama na géillsineachta agus na saoirse; Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal le Tadhg Mac Dhonnagáin, foilsithe ag Futa Fata, scéal Antaine Uí Reachtabhra, mac fíodóra a chaill radharc na súl agus é ina pháiste, fidléir a chaith a shaol ag fánaíocht thart ar chontae na Gaillimhe, file a labhair amach, gan fuacht gan faitíos, ar son pobail a bhí brúite bascaithe; Ibíotsa le Labhrás Ó Finneadha, foilsithe ag Cois Life, scéilíní fánacha a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte oileán Ibíotsa; Idir Neamh is Talamh le Joe Steve Ó Neachtain, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht; cnuasach scéalta faoi iontais na hóige, faoi uaigneas na seanaoise agus faoi theaspach an ghrá; agus, Sáirséal agus Dill 1947-1981: Scéal Foilsitheora hÉireann le Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt, foilsithe ag Cló-Iar Chonnacht, leabhar a chaitheann géarsholas ar scríbhneoirí, ar litríocht na Gaeilge, ar chúrsaí tráchtála agus tionsclaíochta, ar ghnéithe den stáitseirbhís, ar pholaitíocht na Gaeilge, agus ar pholaitíocht na hÉireann.
“Bliain i ndiaidh bliana, cuireann ard-chaighdeán na n-iarratas a bhíonn istigh ar Ghradam Uí Shúilleabháin ionadh agus ríméad orainn, agus ní haon eisceacht é gearrliosta 2015,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. “Tá scríbhneoirí den scoth ag feidhmiú trí Ghaeilge agus tugann an gradam seo deis dúinn éacht oibre na scríbhneoirí agus na bhfoilsitheoirí araon a cheiliúradh,” a dúirt sé.
Fógrófar buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin, chomh maith le buaiteoirí na gComórtas Liteartha ag ócáid speisialta ag Oireachtas na Samhna in Óstán Citywest, 28 Deireadh Fómhair 2015. Tá duais €4,000 ar fáil don fhoilsitheoir agus €3,000 ar fáil d’údar an leabhair is fearr do dhaoine fásta.
Tá an tOireachtas maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Cois LifeÍbíotsa - Labhras Ó Finneadha |
Leabhar BreacI dTír Strainseartha - Liam Mac Cóil |
Leabhar BreacNa Comharthaí - Darach Ó Scolaí |
Futa FataMise Raifeartaí - Tadhg Mac Dhonnagáin |
Cló Iar-ChonnachtIdir Neamh is Talamh - Joe Steve Ó Neachtain |
Cló Iar-ChonnachtSáirséal agus Dill - Cian Ó hÉigeartaigh & Aoileann Nic Gearailt |