Fógraíodh an Gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2015, maidin inniu (Dé Máirt, 24 Márta 2015) i mBaile Átha Cliath. Tá ocht (8) gcinn de chatagóirí na nGradam áirithe sa ghearrliosta seo: Sraith Teilifíse; Scannán/Clár Teilifíse; Craoltóir Teilifíse; Aisteoir; Clár/Sraith Raidió; Craoltóir Raidió; Iriseoir/Colúnaí agus Láithreán Gréasáin. Beidh 3 ghradam eile á bhronnadh ag an Searmanas Bronnta: Réalta Óg na Bhliana, a bheidh á roghnú ag an bpobal, Gradam Speisialta agus an Buaic-Ghradam Cumarsáide.
"Déanaim comhghairdeachas ó chroí le gach aon duine atá ainmnithe ar an ngearrliosta”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. "Tugann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais aitheantas don éacht oibre a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain agus is ábhar ríméid dom sár-chumas agus ardchaighdeán na n-aisteoirí, na n-iriseoirí, na láithreoirí agus an lucht déanta clár atá ar Ghearrliosta na bliana seo.”
Beidh an Ócáid Bhronnta ar siúl in Óstán Radisson i gCathair na Gaillimhe, Dé hAoine, 22 Bealtaine 2015, le siamsaíochta, ceol agus ceiliúradh, chomh maith le haíonna speisialta. Is í Loretta Ní Ghabháin a bheidh ‘Ar an gCairpéad Dearg’ ag labhairt le haíonna agus iad ag trial ar Halla an tSearmanais, agus, amhail ócáid na bliana seo caite, beidh an pobail in ann é seo agus an Searmanas Bronnta a leanúint ar shuíomh gréasáin www.antoireachtas.ie agus www.tg4.tv. Bronnfar duaiseanna ar na haíonna is galánta faisean ar an oíche chomh maith!
Beidh na ticéid chuig Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2015 ar díol tar éis na Cásca.
Féach thíos an Gearrliosta iomlán.
Breis Eolais
Máirín Nic Dhonnchadha
087 223 2094
Loretta Ní Churraighín
085 114 7919