Baineann An tOireachtas úsáid as fianáin ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa 'Pholasaí Príobháideachais' seo.

Privacy Preferences

When you visit any website, it may store or retrieve information through your browser, usually in the form of cookies. Since we respect your right to privacy, you can choose not to permit data collection from certain types of services. However, not allowing these services may impact your experience.

  • Privacy Policy
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Content Delivery Network

  • Youtube (Hosting Video Platform by Google Inc.)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Vimeo (Hosting Video Platform)

  • Google Ads (Advertisement Delivery Network)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Dailymotion (Hosted Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Facebook & Instagram (Social Media)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.

Rath agus Bláth ar Oireachtas na Samhna

2015 || Nuacht || An tOireachtas

Thug na mílte daoine aghaidh ar Óstán Citywest, Baile Átha Cliath le haghaidh Oireachtas na Samhna (28 Deireadh Fómhair – 1 Samhain), príomhfhéile náisiúnta na nGael i mbliana. Déanann an tOireachtas ceiliúradh ar scoth na n-ealaíon traidisiúnta, ina measc, damhsa ar an sean-nós, amhránaíocht, scéalaíocht agus go leor eile. Bhí breis agus 130 imeacht mar chuid den fhéile, ina measc ceardlanna, drámaí agus comórtais Scrabble fiú! 

D’oscail an tAire Stáit Joe McHugh T.D. an fhéile go hoifigiúil Dé Céadaoin agus bhronn sé Gradam Uí Shúilleabháin ar Thadhg Mac Dhonnagáin agus Futa Fata don leabhar Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal. Bhí Ardmhéara Bhaile Átha Cliath i láthair chomh maith le duaiseanna liteartha an Oireachtais a bhronnadh. Bhí aíonna speisialta eile i láthair ag an ócáid, mar a bhí Corn Sam Mhic Uidhir, Jim Gavin, bainisteoir ar fhoireann peile Bhaile Átha Cliath, agus an tAire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald T.D.

Sheol an Taoiseach, Enda Kenny, T.D., agus an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., An Teanga Bheo, snáithe Gaeilge Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, go hoifigiúil Déardaoin na féile, agus cuireadh clár leathan siamsaíochta ar fáil don lucht freastail, le taispeántais ceoil, damhsa, agus agallamh beirte.

I measc bhuaicphointí na féile, bhí Na Casaidigh, ceolchoirm le trí ghlúin den chlann iomráiteach cheoil, a craoladh beo ar TG4. Mar is iondúil craoladh an-chuid d’imeachtaí na féile beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar TG4, agus rinne an dá chainéal sin chomh maith le RTÉ, BBC Tuaisceart Éireann, Raidió na Life, Raidió Fáilte, Near FM agus Newstalk cláir éagsúla ó láthair na féile.

Bhí go leor imeachtaí nua ar chlár an Oireachtais i mbliana, ina measc Parlaimint na nDán, inar chruthaigh ceathrar ealaíontóirí saothair ealaíne bunaithe ar an téama ‘Ról an Ealaíontóra i 1916, agus i gComóradh 1916’. Lean plé bríomhar ar an téama céanna na taispeántais. Ba iad Diarmuid de Faoite, aisteoir agus stiúrthóir, Ríonach Ní Néill, cóiréagrafaí agus damhsóir, Nuala Ní Fhlathúin fís-ealaíontóir agus Marcus Mac Conghail ceoltóir agus file, na healaíontóirí a chruthaigh na saothair, agus bhí an t-aisteoir/scríbhneoir/léiritheoir Pádraic Breathnach mar chathaoirleach ar an bplé.

Tháinig deireadh spleodrach leis Na Rásaí, leis an rás deireanach sa sraith ar siúl maidin Shathairn. Ar nós Pharlaimint na nDán, b'imeacht nua é Na Rásaí i 2015 le sraith rásaí bóthair i gceantair éagsúla Gaeltachta i rith na bliana.

“Labhraítear Gaeilge ó mhaidin go hoíche ag an Oireachtas agus cruthaítear Gaeltacht bheag cibé áit sa tír a bhfuil sé ar siúl,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. “Bíonn deis acu siúd ar spéis leo na healaíona traidisiúnta sult a bhaint as scoth an cheoil, damhsa, lúibíní, dreas cainte agus go leor eile. Tagann daoine ó i gcéin is i gcongar chuig Oireachtas na Samhna, agus feiceann daoine cairde nach bhfeiceann siad ó cheann ceann na bliana ,” a dúirt sé.

I measc na mbuaicphointí eile bhí Seo Linn, an grúpa ceoil mór le rá, a bhí in éineacht leis The Bonny Men agus An Crann Óg ag an gCabaret Craiceáilte le Rónán Mac Aodha Bhuí. D’fhreastail os cionn 550 mac léinn ó gach coláiste tríú leibhéal  ar an gCabaret agus ar an Oireachtas féin. Ar na himeachtaí is mó tóir bhí na comórtais damhsa ar an sean-nós, ina raibh iomaitheoirí idir óg agus aosta páirteach. D’fhreastail beagnach 1500 duine ar Steip  agus craoladh na príomhcomórtais beo ar TG4. Bhí GaelGáirí ann chomh maith, oíche fhuirseoireachta as Gaeilge, a bhí ag an bPicnic Leictreach ar na mallaibh. Ba í Bríd Ní Mhaoilchiaráin ó Charna a thóg léi Corn Uí Riada, príomhdhuais na féile don amhránaíocht ar an Sean-nós oíche Shathairn.

Tá liosta iomlán na mbuaiteoirí anseo:

Tuilleadh Eolais:
Michaeline Donnelly
079555 92969
michaeline@antoireachtas.ie