D’fhógair Oireachtas na Gaeilge an seisear daoine óga atá ainmnithe sa chatagóir nua, Réalta Óg na Bliana inniu (Dé Luain, 27 Aibreán 2015) ag meán lae. Is iad sin Áine Ní Bhreisleáin (RTÉ/TG4), Cillian de Búrca(RTÉ Raidió na Gaeltachta & Raidió Rí-Rá), Katie McGreal (Seachtain), Lisa Nic an Bhreithimh (Raidió na Life & FM104), Maitiú Ó Coimín (Tuairisc.ie) agus Shane Ó Curraighín (Meon Eile).
"Ní ionadh ar bith é gur daoine atá ag saothrú sna meáin chumarsáide le tréimhse de bhlianta a fhaigheann gradam Oireachtais de ghnáth”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, "tagann sáriarracht agus sárscileanna le taithí agus le haibíocht. Ach ag an am céanna tagann daoine óga chun cinn a dhéanann éacht, daoine a léiríonn tallann faoi leith agus bá don cheird. Is iad todhchaí na meán cumarsáide Gaeilge iad agus is ceart aitheantas a thabhairt dóibh.”
Is ar bhonn vóta poiblí a bhronnfar gradam Réalta Óga na Bliana. Beidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh le téacs dá rogha féin den seisear trí théacs a sheoladh chuig 57003 ó Phoblacht na hÉireannnó 60999 ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór. Tá mioneolas maidir leis an vótáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie. Cosnaíonn téacsanna €1.00/£1.00 an ceann. Osclófar na línte vótála ag 12.00 p.m. inniu (Dé Luain, 27 Aibreán 2015) agus dúnfar iad ag meán lae, Déardaoin, 21 Bealtaine 2015.
Bronnfar gradam Réalta Óga na Bliana le linn Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais a bheidh ar siúl in Óstán Radisson i gCathair na Gaillimhe, Dé hAoine, 22 Bealtaine 2015, áit a mbeidh Aengus Mac Grianna (RTÉ) i mbun searmanais. Beidh Loretta Ní Ghabháin ‘Ar an gCairpéad Dearg’ ag labhairt le haíonna agus iad ag trial ar Halla an tSearmanais, agus, amhail ócáid na bliana seo caite, beidh an pobal in ann é seo agus an Searmanas Bronnta a leanúint ar shuíomh gréasáin www.antoireachtas.ie agus www.tg4.tv. Bronnfar duaiseanna ar na haíonna is galánta faisean ar an oíche chomh maith! Tá ticéid ar fáil ar phraghas speisialta de €45 suas go dtí 5.00 p.m. Déardaoin, 30 Aibreán 2015.
Breis Eolais
Máirín Nic Dhonnchadha
087 223 2094
Loretta Ní Churraighín
085 114 7919