Insealbhaíodh Ray Mac Mánais mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2015, inniu, 5 Feabhra, i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Beidh Ray, a tógadh i mBéal Feirste ach a chaith a shaol oibre i mBaile Átha Cliath, ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge don bhliain amach romhainn.
Ba é searmanas an lae inniu an chéad cheann den fhéilire leathan ócáidí a bheidh ag Oireachtas na Gaeilge in 2015. Is in Iarthar na Cathrach, Baile Átha Cliath, a reáchtálfar mórócáid na féile, Oireachtas na Samhna, i mí Dheireadh Fómhair i mbliana.
Iar-phríomhoide scoile, cumadóir amhrán, údar, drámadóir, léachtóir, scríbhneoir óráidí Gaeilge agus comhairleoir cultúrtha d’iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa – is oirfideach ildánach é Ray a bhfuil Oireachtas na Gaeilge go smior ann. Is iomaí duais atá buaite aige snacomórtais Lúibíní, sna hAgallaimh Bheirte agus sa chomórtas Amhrán Nua-chumtha.Sa bhliain 1999 bronnadh Gradam Oireachtais ar leith ar Ray agus ar a leathbhádóir Joe Ó Dónaill as ucht a saothair i gcur chun cinn na n-agallamh fileata traidisiúnta. Is mórphearsa aitheanta de chuid an Oireachtais é Ray a bhfuil ceangal fada aige leis na comórtais, mar rannpháirtí agus mar mholtóir.
"Is mór, agus is ollmhór, an onóir dom a bheith i m’Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge don bhliain 2015. Cé gur le huirísle agus le humhlaíocht a ghlacaim le slabhra na huachtaránachta, is le bród agus le mórtas a chaithfidh mé é. Tá dlúthcheangal fada agam leis an eagraíocht uasal ársa seo, agus is láidre fós an ceangal sin anois” arsa Ray agus slabhra na hoifige á bhronnadh air. "Is é an tOireachtas an t-ardán is tábhachtaí do mhuintir na n-ealaíon traidisiúnta Gaeilge, agus is é an tOireachtas is mó a dhéanann na healaíona sin a chosaint, a chumhdach agus a chaomhnú. Níl dabht ar bith ach gur fearrde go mór saol cultúrtha na hÉireann an tOireachtas” a dúirt sé.
Tá féilire an-leathan imeachtaí ag Oireachtas na Gaeilge i mbliana, ina measc, Comórtais Liteartha an Oireachtais a bheidh á bhfógairt go luath. Bronnfar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais go luath ina dhiaidh sin i mí Bealtaine.
"Agus Oireachtas na Gaeilge ag tabhairt faoi dhúshlán nua mar cheanneagraíocht sa réimse Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge & le Bunú Gréasán, is tráthúil gur laoch dár gcuid féin a bheidh mar Uachtarán againn” arsa Liam Ó Maoladha, Stiúrthóir an Oireachtais. "Tá a shaol caite ag Ray ag cur deiseanna úsáidte Gaeilge ar fáil mar mhúinteoir, mar scríbhneoir, mar aisteoir agus mar shaineolaí ar cheird an lúibín agus an agallaimh bheirte ” a deir sé.