Baineann An tOireachtas úsáid as fianáin ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa 'Pholasaí Príobháideachais' seo.

Privacy Preferences

When you visit any website, it may store or retrieve information through your browser, usually in the form of cookies. Since we respect your right to privacy, you can choose not to permit data collection from certain types of services. However, not allowing these services may impact your experience.

  • Privacy Policy
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Content Delivery Network

  • Youtube (Hosting Video Platform by Google Inc.)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Vimeo (Hosting Video Platform)

  • Google Ads (Advertisement Delivery Network)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Dailymotion (Hosted Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Facebook & Instagram (Social Media)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.

Oíche Nollag na mBan 2017

2016 || Nuacht || An tOireachtas

Is seantraidisiún é go dtiocfadh mná le chéile ar an 6ú Eanáir, Oíche Nollag na mBan, traidisiún atá fós láidir in iardheisceart na tíre agus anuraidh d’éirigh le hOireachtas na Gaeilge é a athmhúscailt ar fud na tíre. Táthar ag súil go bhféadfar tuilleadh ócáidí a reáchtáil an chéad bhliain eile, agus tá an tOireachtas ag tabhairt cuireadh do mhná ócáid a reáchtáil ina gceantar féin Dé hAoine, 6 Eanáir 2017.

Mar a mhínigh Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Imeachtaí agus Forbairt Freastail leis an Oireachtas:

‘Tá muid ag iarraidh mná a spreagadh le teacht le chéile i mbialanna agus i dtithe ósta thart timpeall na tíre don chomhluadar agus don cheiliúradh, go mbeidh ithe agus ól, spraoi agus craic agus muintearas ann. Tá súil againn go dtapfaidh mná na hÉireann an deis seo teacht le chéile lena gcairde agus lena muintir le ceiliúradh a dhéanamh ar Oíche Nollag na mBan.”

Cuireann an tOireachtas fáilte roimh mhná a bhfuil fonn orthu ócáid Ghaelach a reáchtáil (dinnéar nó lón, mar shampla) na sonraí a chur chuig majella@antoireachtas.ie agus déanfar í a fhógairt ar na meáin shóisialta agus ar leathanach speisialta facebook atá cruthaithe acu d’Oíche Nollag na mBan. Beidh ainmneacha na mban a ghlacann páirt sna hócáidí curtha i hata i gcomhair duaise de €100 freisin. Chomh maith leis sin, cuirfear greamáin ar fáil d’aon bhialann atá sásta fáilte a chur roimh ghrúpa ban ar an Oíche.

Cheana féin tá ócáidí á reáchtáil i gConamara, i mBéal Feirste, i Rath Cairn, i Muineachán, i mBaile Átha Cliath agus sna Déise:

Camus, Conamara: Oíche Amhránaíochta Nua-Chumtha: Banchumadóirí / Banfhonnadóirí ag fonnadóireacht do bhanéisteoirí. Cumadóirí/Amhránaithe: Emer Ní Fhlatharta & Caitríona Ní Chonaola. Tigh Chaitríona, Camus. 8.30 pm, 15 Euro, blaisínií bia & gloine fíona. Cuir áit in áirithe roimh 31 Nollaig. Seol ríomhphost chuig: mocharabeag@gmail.com

Cathair na Gaillimhe! Oíche Nollag na mBan - Teacht le chéile i McCambridge's ag 19.00, dinnéar ansin agus deoch in Taafe's ina dhiaidh sin, bíonn ceol den scoth ann ar an deireadh seachtaine. Beidh ar éinne ar spéis leo bheith i láthair glaoch a chur ar Emma Ní Chearúil, Conradh na Gaeilge 091 567824 nó ríomhphost a sheoladh chuig emma@cnag.ie roimh an Aoine beag seo, an 23ú Nollaig.

An Spidéal: Tigh Giblin 7:30pm Biachlár ar leith, spot duaiseanna! 091 504 787

Ráth Cairn: Beidh ócáid á reáchtáil i Ráth Chairn, tuilleadh eolais, Máirín Sarikaya, 086 3919221 rathcairn@eircom.net.

Baile Átha Cliath: Bialann O Connell’s i nDomhnach Broc ar 7pm. Fáiltiú scailtín/líomanáid bhaile. Béile 2 chúrsa le gloine fíona/líomanáid bhaile. Tae/caife. Caint, comhluadar agus craic.€35 le seirbhís san áireamh.IS GÁ RÉAMHÍOCAÍOCHT A DHÉANAMH LE hÁIT A CHUR IN ÁIRITHE. Seol €35 ar PAYPAL chuig nollaignamban2017@gmail.com agus seol ríomhphost le d’ainm chuig an seoladh céanna. Is féidir fiosrú a dhéanamh faoi bhealaí eile íocaíochta ag an seoladh ríomhphoist céanna

Na Déise: An Seanachaí, Crosaire Pulla, An Rinn, Dún Garbhán, Co Phort Láirge @ 8pm. €26.50 do bhiachlár ceithre cúrsa & tae/caife. Tá Biachlár álainn don oíche, beidh sé blasta!! Oisrí, bradán, muisiriún Portabello, putóg Dhubh, breac, sailéad, géim, rissotto agus milseoga áille..Déan áirithint le Cabríní ar 087-6532044 nó cabrini01@gmail.com roimh 01/01/16. Eagraithe ag Gaeilge Anseo, Coiste Ghlór na nGael Dún Garbhán. PRÍOMH CHÚRSA
Dísreach de Bhreac Farrairge & Plás
Casaról Ghéim an tSeanachaí
Suprême Sicín leis Anlann Muisiriún Fiáin & Uisce Beatha.
Penne leis Muisrúin & Cóilis
Risotto leis Cúirséad Uachtarúil.

Béal Feirste: Oíche siamsaíochta i nGael Ionad Mhic Goill ar Bhóthar na Carraige Báine. 7.30pm , £3 ag an doras, an t-airgead ag dul go Liú Lúnasa . Bígí linn mná Bhéal Feirste i gcomhar cúpla deoch, ceol, siamsaíocht agus blaisín bia! Le háit a chur in áirithe glaoigh ar Katie McGreal ar 07504047267 nó seol rphost chuici ag katiemcg7@hotmail.com

An Dún: Oíche Nollag na mBan sa Dún - Beidh teacht le chéile don lón ar an 6ú Eanáir sa Downshire Arms, Baile Hill, Co. an Dúin ar 1.30. Cuirfear fáilte roimh gach duine! Tuilleadh eolais ó Áinín Uí Chaiside, Glór na nGael ainin@glornangael.ie / 07749126949 / 00353834460763

Muineachán: Beidh ócáid á reáchtáil i Muineachán, níl na socraithe deimhnithe fós ach is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Mhuineachán le Gaeilge, 087-9628067, feargal@mlg.ie

Ómaigh: Oíche Nollaig na mBan a reáchtáil ar an Charraig Mhór i mbliana, san Old Charm Inn ar a 8i.n. 6ú Eanair.

Dún Dealgan: Beidh teacht le chéile do mhná cheantar Dhún Dealgan agus an cheantair máguaird Dé hAoine 6 Eanáir 2017/Oíche Nollaig na mBan in Callan’s Bar & Restaurant, Baile Philib, Co.Lú (http://callansbar.com/ ) ag 7.30pm. Beidh costas €20 ar an oíche (tapas agus sangria le roinnt). Más bean thú le Gaeilge ar mhaith leat a bheith i láthair cuir glaoch ar Ursula ag 086-2293566 chun d’áit a chur in áirithe.

Gaoth Dobhar: Seisiún Ceoil na mBan ar Nollaig Bheag na mBan, Tigh Hiúdaí Beag ag 8.00 - 10.00 ar an Aoine seo 6 Eanáir 2017. Beidh idir ceol, damhsa, amhránaíocht & filíocht ann. Fáilte roimh na mná uilig! Á reáchtáil ag Noeleen Ní Cholla & Máire Wren.

CRÍOCH
Tuilleadh Eolais: majella@antoireachtas.ie 087 9776852 www.antoireachtas.ie